Bunaíodh Iontaobhas Chathaoir Filíochta na hÉireann in 1998 agus tá sé á reáchtáil go comhpháirteach ag Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath, Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann agus ag an gComhairle Ealaíon/The Arts Council.
Roghnaítear file a bhfuil clú agus cáil air nó uirthi gach trí bliana, chun ionadaíocht a dhéanamh ar an gCathaoir mar Ollamh Filíochta na hÉireann. Caitheann cibé duine a bhfuil an post aige nó aici bliain amháin le gach ceann de na trí ollscoil agus caitheann sé/sí tréimhse thart ar ocht seachtaine i ngach ceann acu. Le linn don fhile a bheith i mbun cónaitheachta reáchtálann sé/sí ceardlanna neamhfhoirmiúla nó tugann sé/sí reacaireacht neamhfhoirmiúil, caitheann sé/sí tréimhse ag obair le mic léinn agus i mbun oibre for-rochtana agus déanann sé/sí cur i láthair foirmiúil amháin in aghaidh na bliana. Léacht a bhíonn ansin de ghnáth.
D’fhógair an Taoiseach Brian Cowen, T.D. gurbh é Harry Clifton Ollamh Filíochta na hÉireann Dé Céadaoin, 30 Meitheamh 2010. I Samhain 2012, nuair a bhí Harry ar tí tús a chur le bliain dheireanach a théarma, shuigh Ceann Litríochta na Comhairle Ealaíon, Sarah Bannan síos leis agus chuir sí roinnt ceisteanna air faoi fhilíocht agus agus faoi scríobh.
Cad é an rud is spreagúla dar leat maidir le do cheapachán chuig Cathaoir na Filíochta?
An deis a thug sé dom léachtaí a thabhairt faoi rudaí a mheas mé nach ndúradh minic go leor faoi dhioscúrsa na hÉireann - eintiteas spioradálta agus criticiúil í Éire atá ag leathnú i gcónaí agus atá suite, mar a bhí sí suite i gcónaí, ag an gcomhéadan torthúil sin idir na réimsí fórsa timpeall uirthi, an Bhreatain, an Eoraip agus Meiriceá - agus is mian liom an scéal sin a chíoradh sna léachtaí.
Lena chois sin chuir sé gliondar orm bheith in ann nasc a chruthú le glúin (daltaí) níos óige atá ag teacht chuig an scéal go léir ar bhealaí úire, nua dá gcuid féin.
Scríobh tú cuimhní cinn agus ficsin agus aistí criticiúla chomh maith le filíocht. Conas a théann na foirmeacha éagsúla i gcionn ar a chéile.
Bíonn a bholgán suibiachtúlachta ag gach file, agus is mian leis seasamh taobh amuigh den bholgán sin uair amháin ar a laghad i rith a shaoil. Cuimhnigh ar Rilke lena Malte Laurids Brigge, Kavanagh lenaTarry Flynn agus Pasternak lena Zhivago. Is mian leis an údar é féin a fheiceáil mar charachtar sa tsochaí i gcoitinne. Lena chois sin, nuair a bhíonn údar ag scríobh i réimse ollmhór briathartha an phróis scaoiltear é ó iallacha foirmiúla dochta na filíochta (cé go measann daoine gur iallacha bídeacha iad).
Cad a spreag thú chun filíocht a scríobh an chéad lá riamh agus a bhíonn do do tharraingt chuici arís agus arís eile?
An chaoi a bhfuil an fhilíocht chomh dlúite sin le chéile - na focail a bheith chomh spárálach gann sin agus an leas is fearr á bhaint as an gciúnas allabhrach eatarthu. Ní bhaineann filíocht chomh mór le focail ach leis an mbéim a leagadh ar an tost.
Cad lena bhfuil tú ag súil a bheith bainte amach agat mar Ollamh Filíochta na hÉireann ag deireadh do thréimhse?
Táim ag súil go mbeidh cúpla focal ráite agam ar son an chuid sin d’fhilíocht na hÉireann atá ag breathnú amach ar an saol seachas isteach uirthi féin, filíocht a chónaíonn i réimse oscailte leathan seachas i réimse indíritheach iata a bhíonn á shíordhaingniú féin i gcónaí.
Cé hiad na filí is mó a spreagann anois thú?
Filí Béarla na seachtú haoise déag - bhíodar gafa le cúrsaí cráifeachta, pósta agus meitifisiciúla a bhaineann le daoine meánaosta agus is duine meánaosta anois mé. Seasmhacht an ghrá thar am, agus an bás ag bagairt ar fhíor na spéire.
Cad iad na leabhair filíochta a ba cheart a bheith ag gach duine?
Díolaim maith a théann siar an bealach go léir go dtí an tosach, agus roinn díolaimí comhaimseartha atá measartha maith. Chabhródh an chead cheann le duine teacht ar na hábhair imní thraidisiúnta a bhaineann le gach ré agus ba chabhair dó na cinn eile le fáil amach faoi na foirmeacha agus na leaganacha cainte atá á gcleachtadh faoi láthair.
Tá dúshláin le shárú faoi láthair maidir le foilsiú agus díol leabhar - tá laghdú tagtha ar an méid leabhar clóite atá á ndíol agus tá níos mó daoine ag luí isteach ar ríomhléitheoireacht. An bhfuil tuairim ar bith agat faoi conas a mhairfidh an fhilíocht beo sa chéad deich mbliana nó cúig bliana déag atá romhainn? An bhfuil imní ort faoi cad atá i ndán di?
Imní ar bith (rud nach féidir liom a rá faoi fhicsean fada). Má bhíonn dán lánfhoirfe bíonn sé mar a bheadh miocrorgánach. Bíonn sí beagnach do-mharaithe. Gluaiseann sé trí chórais, idir chlóite, leictreonach agus eile. D’fhéadfadh sé dul a codladh ar feadh míle bliain (mar a tharla i gcás Safó agus na seanfhílí Síneacha nó Seapánacha) agus ansin dúiseacht arís nuair a athaimsítear iad agus é chomh beo bríomhar is a bhí sé an lá ar cumadh é.