Tuigeann an Chomhairle Ealaíon go bhfuil réimse leathan cleachtas i gceist i gcás na n-ealaíon rannpháirteachais ina n-oibríonn daoine i gcomhar le healaíontóirí oilte chun ealaíona a chruthú nó a bhreithmheas. Is í príomhaidhm na hoibre seo ná daoine agus pobail chruthaitheacha a fhorbairt. Is cuid lárnach í seo de chuspóir na Comhairle Ealaíon maidir le gach foirm, scéim agus clár ealaíon.
Is é an cuspóir atá ag an gComhairle Ealaíon sa réimse seo ná a chinntiú go rachaidh chomhpháirtithe agus rannpháirtithe i dteagmháil le healaíona d'ardchaighdeán, is go mbeidh tionchar leanúnach aige sin ar uaillmhian, scileanna agus beartas ealaíonta. Déanaimid é seo trí thacaíocht a thabhairt do córas tacaíochtaí agus próisis dea-chleachtais bunaithe ar freagracht. Chun ár dtionchar a thomhas, féachaimid ar fhorbairt ealaíonta daoine maidir le dul chun cinn atá déanta acu ag aithint gur féidir le torthaí a bheith fíneálta, nach féidir próiseas agus táirge a dheighilt óna chéile, agus gur féidir sárfheabhas a bhaint amach gan táirge a chruthú atá ar fheabhas ó thaobh áille de. Tacaímid le caidreamh cómhalartach ina bhfuil an pobal ealaíon ag saibhriú an phobail agus an pobal ag saibhriú daothair an phobail ealaíne.