| Ainm | Spriocdháta | Uasmhéid Bronnta € | Cur síos |
| RAISE | 28 Meitheamh 2013 | 30000 | |
| Deontais Chláreagraithe Bhliantúla | Le fógairt | Gan teorainn | |
| Eagraíochtaí Maoinithe Rialta | Le fógairt | Gan teorainn | |
| . | Spriocdháta thart | Gan teorainn | |
| An scéim comhpháirteachais áitiúila | Spriocdháta thart | 20000 | Scéim a spreagfaid comhpháirtíochtaí nua faoi stiúir na n-údarás áitiúil chun tionscadail ealaíon comhpháirteacha nuálach a fhorbairt, sa réimse lena mbaineann Éagsúlacht Cultúrtha agus na hEealaíona. |
| An Scéim Rannpháirtíochta san Ailtireacht | Spriocdháta thart | 20000 | Is é aidhm na scéime tionscnaimh uaillmhianacha, nuálacha agus chruthaitheacha ar ardchaighdeán a bhfuil sé mar aidhm sonrach acu cur le taithí an phobail ar an ailtireacht agus a rannpháirtíocht léi, agus an taithí agus an rannpháirtíocht sin a leathnú. |
| Circus bursary award | Spriocdháta thart | 12000 | |
| Comhaltacht Location one | Spriocdháta thart | 22500 | Cuireann an Chomhairle Ealaíon Comhaltacht ar fáil dealaíontóir amháin chun cur ar a c(h)umas dó/di páirt a ghlacadh sa chlár cónaitheachta idirnáisiúnta ag Location One go ceann 5 mí, chun a c(h)leachtas a fhorbairt agus chun saothar nua a chruthú. |
| Scéim Comhpháirtíochta Áitiúla an AE | Spriocdháta thart | Gan teorainn | Le haghaidh gníomhaíochtaí agus imeachtaí tionscadail a bheidh ar bun idir 1 Eanáir 2013 agus 30 Meitheamh 2013 agus an dá dháta sin san áireamh.
Chun Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh a chomóradh, tá sé i gceist go gcabhródh an eisiúint speisialta seo den Scéim Comhpháirtíochta Áitiúla agus Ealaín na Gaeltachta chun tionscadail ealaíon comhpháirteach nuálach a fhorbairt nó a chur ar bun i gcomhar le heagraíochtaí ealaíon eile laistigh dá gceantair nó dá réigiúin, agus le comhpháirtithe in áiteanna eile san Eoraip. |
| Scéim Ensembles na n Óg | Spriocdháta thart | 10000 | Tá Scéim Ensemble na nÓg ar cheann de roinnt deiseanna cistithe arna dtairiscint ag an gComhairle Ealaíon chun na healaíona in Éirinn a fhorbairt agus chun tacú leo. Eascraíonn sí ó thiomantas na Comhairle Ealaíon, mar a léirítear sa Chomhpháirtíocht ar son na nEalaíon, chun deiseanna níos fearr a chruthú do dhaoine óga chun blaiseadh de na healaíona agus chun clár nua a chur i bhfeidhm chun tacú le ensembles na n-óg agus le heagraíochtaí acmhainne náisiúnta um ealaíon don óige. |
| Scéim na bhFéilte agus na nImeachtaí | Spriocdháta thart | 20000 | Thug an Chomhairle Ealaíon scéim nua isteach chun tacú le féilte agus imeachtaí. Beidh Scéim na bhFéilte agus na nImeachtaí cosúil leis an scéim roimhe seo agus féadfaidh féilte ildisciplíneacha agus féilte foirm ealaíne aonair cur isteach air. Is é atá i gceist le himeachtaí ná tionscadail aon ócáide nó cláir a bheidh ar siúl thar roinnt míonna. |
| Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal de chuid na | Spriocdháta thart | 10000 | Dámhachtain Sparánachta Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal de chuid na Comhairle Ealaíon 2012: Tá sé d’aidhm leis na hEalaíona agus Míchumas tacú le healaíontóirí gairmiúla aonair in aon fhoirm ealaíne atá ag saothrú i réimse na n-ealaíon agus míchumais. Is í seo an tríú bliain ina bhfuil dámhachtain sparánachta €10,000 curtha ar fáil ag an gComhairle Ealaíon mar chuid de Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal, atá á bainistiú ag Create.
|
| Scéim shónaitheachta do choimeádaí físealaíon | Spriocdháta thart | 20000 | Is é cuspóir na scéime seo deis a thabhairt do choimeádaithe físealaíon taighde a dhéanamh agus a gcleachtas a fhorbairt, fad is a dhéanfaidh siad clár oibre bliana a chruthú i gcomhpháirt le hionaid ildisciplíneacha agus le húdaráis áitiúla. |