| Ainm | Spriocdháta | Uasmhéid Bronnta € | Cur síos |
| Dámhachtain taistil & oiliúna | 31 Nollaig 2012 | 8000 | Tá trí sraith ag baint leis an dámhachtain seo. Is í an phríomhshraith ná Taisteal agus Oiliúint Amach, agus is chuici sin a bheidh an chuid is mó den mhaoiniú ar fáil; is í an dara sraith ná Taisteal agus Oiliúint Isteach; agus is í an tríú sraith Dámhachtain an Phointe Teagmhála Cultúrtha Idirnáisiúnta a thacaíonn iarratais ó eagraíochtaí ealaíon a bhfuil sé ar intinn acu iarratais a dhéanamh chuig Clár Cultúir an AE 2007-2014. |
| An Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair | Spriocdháta thart | Gan teorainn | Dearadh an Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair chun tacaíocht a thabhairt maidir le saothar a thabhairt ar camchuirt agus/ nó a scaipeadh thar raon foirmeacha ealaíne agus cleachtas ealaíne, ag tosú idir Eanair agud Meitheamh 2013. |
| An scéim taifeadta ceoil | Spriocdháta thart | Gan teorainn | Cuireann an scéim tacaíocht ar fáil do thaibheoirí agus do chumadóirí gairmiúla in Éirinn agus cuireann sí maoiniú ar fáil le haghaidh taifeadadh ceoil. |
| Artist in the community scheme bursary award | Spriocdháta thart | 10000 | The arts and older people bursary award, as part of the artist in the community scheme, aims to support an individual professional artist in any artform working in the field of arts and older people. |
| Camchuairt Scaipthe Saothair-Plean Roimh Ré | Spriocdháta thart | Gan teorainn | Dearadh an Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair chun tacaíocht a thabhairt maidir le saothar a thabhairt ar camchuairt agus/ nó a scaipeadh thar raon foirmeacha ealaíne agus cleachtas. |
| Comhaltacht Location one | Spriocdháta thart | 37000 | Cuireann an Chomhairle Ealaíon Comhaltacht ar fáil dealaíontóir amháin chun cur ar a c(h)umas dó/di páirt a ghlacadh sa chlár cónaitheachta idirnáisiúnta ag Location One go ceann 10 mí, chun a c(h)leachtas a fhorbairt agus chun saothar nua a chruthú. |
| Dámhachtain do Thionscadal Ceoil | Spriocdháta thart | 35000 | Ag tacaíocht tionscadail ceol ag tosú i 2012. |
| Dámhachtain snagcheoil skidmore | Spriocdháta thart | 2500 | Cuireann an Chomhairle Ealaíon agus Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann maoiniú ar fáil i gcomhar lena chéile chun gur féidir le duine amháin freastal ar an Skidmore Jazz Institute, a ritear gach samhradh ar champas Skidmore College i dtuaisceart stát Nua Eabhrac. |
| Dámhachtain Sparánachta Ceoil | Spriocdháta thart | 15000 | Tacaíonn an dámhachtain le healaíontóirí gairmiúla aonair a gcleachtas a fhorbairt. |
| Dámhachtain um thaibhiú agus chamchuairt | Spriocdháta thart | Gan teorainn | Tá sé mar aidhm ag an Dámhachtain um Thaibhléiriú agus Chamchuairt cabhrú le ceoltóirí Éireannacha agus ceoltóirí atá bunaithe in Éirinn deiseanna taibhléirithe a bhaint amach; deiseanna fostaíochta méadaithe a thairiscint do cheoltóirí Éireannacha; bonn scileanna ealaíontóirí Éireannacha i réimsí mar phleanáil tionscadail agus riarachán, féin-phoiblíocht agus féin-bhainistíocht; agus foinse nua clár ceoil a thairiscint do thionscnóirí ceolchoirmeacha, agus do lucht éisteachta araon ar fud na hÉireann. |
| Deontais Chláreagraithe Bhliantúla | Spriocdháta thart | Gan teorainn | Is é cuspóir na nDeontas Cláreagraithe Bliantúil ná cuidiú le hiarrthóirí le costais a gcláir ealaíne. Níl sé de rún ag an scéim tacaíocht a thabhairt do chostais oibrithe/riaracháin leanúnacha. |
| Eagraíochtaí Maoinithe Rialta | Spriocdháta thart | Gan teorainn | Is é cuspóir an chláir seo ná grúpa príomheagraíochtaí ealaíon a neartú agus a dhéanamh níos sábháilte, trí chúnamh a thabhairt dá gcostas oibrithe agus cláreagraithe ealaíne araon. Níl an clár maoinithe seo oscailte diarratais ghinearálta. Ina áit, tabharfaidh an Chomhairle Ealaíon cuireadh deagraíochtaí le páirt a ghlacadh ar bhonn critéar foilsithe. |
| Elizabeth Maconchy composition fellowship | Spriocdháta thart | 48000 | Táirgtear an dámhachtain chun cur le ard-traenáil agus forbairt na gcumadóirí trí dheis a thabhairt don chumadóir clár dochtúireachta a chríochnú sa chumadóireacht in ollscoil aitheanta. |
| Maoiniú bliantúil | Spriocdháta thart | Gan teorainn | Is é cuspóir an Mhaoinithe Bhliantúil ná maoiniú seasmhach sábháilte a sholáthar deagraíochtaí ealaíon áirithe (ar bhonn bliantúil). Is féidir le hiarrthóirí cúnamh le haghaidh costas oibrithe agus ealaíne araon a iarraidh |
| Music commissions award | Spriocdháta thart | 10000 | The music commissions award is focused on partnerships. The primary purpose of this award is to facilitate partnerships between commissioners and artists that result in some form of creative output. |
| Scéim Ensembles na n Óg | Spriocdháta thart | 10000 | Tá Scéim Ensemble na nÓg ar cheann de roinnt deiseanna cistithe arna dtairiscint ag an gComhairle Ealaíon chun na healaíona in Éirinn a fhorbairt agus chun tacú leo. Eascraíonn sí ó thiomantas na Comhairle Ealaíon, mar a léirítear sa Chomhpháirtíocht ar son na nEalaíon, chun deiseanna níos fearr a chruthú do dhaoine óga chun blaiseadh de na healaíona agus chun clár nua a chur i bhfeidhm chun tacú le ensembles na n-óg agus le heagraíochtaí acmhainne náisiúnta um ealaíon don óige. |
| Scéim na bhFéilte Ealaíon Beaga | Spriocdháta thart | 20000 | Tá scéim na bhFéilte Ealaíon Beaga ann chun tacaíocht agus deiseanna a chur ar fáil dfhéilte ealaíon beaga nó imeachtaí a bhfuil maoiniú suas le €20,000 á lorg acu. |