| Ainm | Spriocdháta | Uasmhéid Bronnta € | Cur síos |
| Dámhachtain sparánachta na bhfísealaíon | 12 Iúil 2012 | 15000 | Tacaíonn an dámhachtain le healaíontóirí gairmiúla aonair a gcleachtas a fhorbairt. |
| Dámhachtain taistil & oiliúna | 31 Nollaig 2012 | 8000 | Tá trí sraith ag baint leis an dámhachtain seo. Is í an phríomhshraith ná Taisteal agus Oiliúint Amach, agus is chuici sin a bheidh an chuid is mó den mhaoiniú ar fáil; is í an dara sraith ná Taisteal agus Oiliúint Isteach; agus is í an tríú sraith Dámhachtain an Phointe Teagmhála Cultúrtha Idirnáisiúnta a thacaíonn iarratais ó eagraíochtaí ealaíon a bhfuil sé ar intinn acu iarratais a dhéanamh chuig Clár Cultúir an AE 2007-2014. |
| Scéim na bhfísealaíontóirí sna príosúin | 31 Nollaig 2012 | 2400 | Cuireann an scéim ar chumas dealaíontóirí oibriú le príosúnaithe i bpríosún/ionaid choinneála ar feadh thréimhse 8-10 lá agus comhlánaíonn sí clár ealaíon agus oideachais atá ann cheana féin sna Aonaid Oideachais laistigh de chóras na bpríosún |
| An Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair | Spriocdháta thart | Gan teorainn | Dearadh an Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair chun tacaíocht a thabhairt maidir le saothar a thabhairt ar camchuirt agus/ nó a scaipeadh thar raon foirmeacha ealaíne agus cleachtas ealaíne, ag tosú idir Eanair agud Meitheamh 2013. |
| Artist in the community scheme bursary award | Spriocdháta thart | 10000 | The arts and older people bursary award, as part of the artist in the community scheme, aims to support an individual professional artist in any artform working in the field of arts and older people. |
| Camchuairt Scaipthe Saothair-Plean Roimh Ré | Spriocdháta thart | Gan teorainn | Dearadh an Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair chun tacaíocht a thabhairt maidir le saothar a thabhairt ar camchuairt agus/ nó a scaipeadh thar raon foirmeacha ealaíne agus cleachtas. |
| Comhaltacht Location one | Spriocdháta thart | 37000 | Cuireann an Chomhairle Ealaíon Comhaltacht ar fáil dealaíontóir amháin chun cur ar a c(h)umas dó/di páirt a ghlacadh sa chlár cónaitheachta idirnáisiúnta ag Location One go ceann 10 mí, chun a c(h)leachtas a fhorbairt agus chun saothar nua a chruthú. |
| Dámhachtain do Thionscadal Físealaíon | Spriocdháta thart | 40000 | Ag tacaíocht tionscadail sna fisealaíona ag tosú i 2012. |
| Deontais Chláreagraithe Bhliantúla | Spriocdháta thart | Gan teorainn | Is é cuspóir na nDeontas Cláreagraithe Bliantúil ná cuidiú le hiarrthóirí le costais a gcláir ealaíne. Níl sé de rún ag an scéim tacaíocht a thabhairt do chostais oibrithe/riaracháin leanúnacha. |
| Eagraíochtaí Maoinithe Rialta | Spriocdháta thart | Gan teorainn | Is é cuspóir an chláir seo ná grúpa príomheagraíochtaí ealaíon a neartú agus a dhéanamh níos sábháilte, trí chúnamh a thabhairt dá gcostas oibrithe agus cláreagraithe ealaíne araon. Níl an clár maoinithe seo oscailte diarratais ghinearálta. Ina áit, tabharfaidh an Chomhairle Ealaíon cuireadh deagraíochtaí le páirt a ghlacadh ar bhonn critéar foilsithe. |
| Maoiniú bliantúil | Spriocdháta thart | Gan teorainn | Is é cuspóir an Mhaoinithe Bhliantúil ná maoiniú seasmhach sábháilte a sholáthar deagraíochtaí ealaíon áirithe (ar bhonn bliantúil). Is féidir le hiarrthóirí cúnamh le haghaidh costas oibrithe agus ealaíne araon a iarraidh |
| Scéim Ensembles na n Óg | Spriocdháta thart | 10000 | Tá Scéim Ensemble na nÓg ar cheann de roinnt deiseanna cistithe arna dtairiscint ag an gComhairle Ealaíon chun na healaíona in Éirinn a fhorbairt agus chun tacú leo. Eascraíonn sí ó thiomantas na Comhairle Ealaíon, mar a léirítear sa Chomhpháirtíocht ar son na nEalaíon, chun deiseanna níos fearr a chruthú do dhaoine óga chun blaiseadh de na healaíona agus chun clár nua a chur i bhfeidhm chun tacú le ensembles na n-óg agus le heagraíochtaí acmhainne náisiúnta um ealaíon don óige. |
| Scéim na bhFéilte Ealaíon Beaga | Spriocdháta thart | 20000 | Tá scéim na bhFéilte Ealaíon Beaga ann chun tacaíocht agus deiseanna a chur ar fáil dfhéilte ealaíon beaga nó imeachtaí a bhfuil maoiniú suas le €20,000 á lorg acu. |
| Scéim Spás Oibre na bhFísealaíontóirí 2012 | Spriocdháta thart | 30000 | Bronnfar deontas de suas le €30,000 faoin scéim i dtreo costais reatha cosúil le solas, teas, cíos, cláir forbartha ealaíontóirí, costais riaracháin agus/nó costais oiriúnacha eile (ní féidir iarratas a dhéanamh ar chostais chaipitil faoin scéim seo). Déanfar an maoiniú seo a thairiscint ar bhonn aonuaire don bhliain 2012. Tá ciste foriomlán de €30,000 ar fáil. |