Is ionstraimí an-fheiceálach, dinimiciúla agus éifeachtacha iad féilte ealaíon i bhforbairt bhonneagair ealaíon, lena n-áirítear saibhreas an tiomantais dheonaigh áitiúil. Tá leithead agus scóip na n-imeachtaí seo le feiceáil i bhfás na hearnála le deich mbliana anuas.
Tacaíonn an Chomhairle Ealaíon le 56 féile nó imeacht trí mhaoiniú ioncaim reatha agus le 114 eile faoi scéim na bhféilte beaga a tugadh isteach i 2004. Tá stair aitheanta ag cuid de na féilte seo, cruthaíodh cuid acu chun bearna a líonadh, agus tá go leor eile fós ina dtús.
Tá an-tábhacht ag baint lenár dtacaíocht d'fhéilte mar go gcabhraíonn sé chun comhthéacs a chruthú i gcomhair dul i mbaol ealaíonta, agus spreagann sé forbairt luchtanna nua éagsúla féachana. Is minic a bhíonn comhoibriú dearfach seasmhach le compháirtithe éagsúla mar thoradh ar thacaíocht den chineál seo. Tá trí chineál féile agus imeacht ann: féilte a bhaineann le foirm ealaíne ar leith; féilte ealaíon ildisciplíneacha (MDA) agus féilte atá ag teacht chun cinn (cinn bheaga).