Tá an líon daoine is mó per capita a théann ag an bpictiúrlann san Eoraip le fáil anseo in Éirinn. Tá an rogha scannán, áfach, teoranta den chuid is mó do phictiúir thráchtála príomhshrutha. Tá an Chomhairle Ealaíon tar éis iarracht a dhéanamh tabhairt faoi seo leis an tionscnamh Cuibhreannas Cineama Cultúrtha, a chuireann maoiniú caipitiúil ar fáil d'eagraíochtaí agus ionaid atá bainteach le tógáil agus leagan amach cláir chineama cultúrtha. "Is mian linn tacú leis an gcineama cultúrtha, leis an ealaíontóir aonair agus le heagraíochtaí a shaothraíonn chun glór sainiúil na hÉireann a chur chun cinn i gcomhthéacs domhanda.
Tá deis ar leith ag an gComhairle Ealaíon tacaíocht a thabhairt do shaothar cruthaitheach d'ardchaighdeán nach bhfuil tacaíocht á fáil aige faoi láthair sa mhargadh. Tacaímid le scannán trínár ndeontais ioncaim reatha d'eagraíochtaí acmhainne, féilte agus compántais léiriúcháin agus inár ndeontais do dhaoine aonair trí sparánachtaí, dámhachtainí agus scéimeanna. Tá freagracht i gcomhair beartais phoiblí i leith scannáin á roinnt le Bord Scannán na hÉireann