Tá ról ar leith ag an gComhairle Ealaíon maidir le scannáin agus tá páirt lárnach aici i soláthar bonneagair náisiúnta do chultúr na scannán in Éirinn. Dírítear ar thacaíocht a chur ar fáil d’ealaíontóirí scannán agus ar lucht féachana a chur ar fáil agus a fhorbairt don cineama cultúrtha. Roinnimid an fhreagracht i gcomhair beartas poiblí agus tacaíocht do scannáin le Bord Scannán na hÉireann, a oibríonn chun tionscal na scannán a fhorbairt in Éirinn.
Cuireann an Chomhairle Ealaíon tacaíocht indíreach ar fáil don ealaíontóir scannán trí mhaoiniú i gcomhair réimse eagraíochtaí, lena n-áirítear féilte agus eagraíochtaí acmhainne scannán. Cuirimid tacaíocht dhíreach ar fáil don ealaíontóir scannán trí scéimeanna dámhachtana agus scannán. Déantar ár ndámhachtainí a dhearadh chun deis a chur ar fáil d’ealaíontóirí saothar turgnamhach, neamhscéalach a chruthú, agus tá ár scéimeanna scannán ann chun saothar sárchruthaitheach a dhéanamh i gcomhair craolta speisialaithe agus i gcomhair taispeána ag féilte.
Chun lucht féachana a chur ar fáil agus a sholáthar don cineama cultúrtha, maoiníonn an Chomhairle Ealaíon eagraíochtaí agus féilte a thaispeánann, nó a thacaíonn le taispeáint, cineama cultúrtha. I gcomhpháirt le Bord Scannán na hÉireann, tá maoiniú caipitil curtha ar fáil againn chun pictiúrlanna sainealaíne a fhorbairt i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh agus chun trealamh teilgin dhigitigh a shuiteáil i scáileáin pictiúrlanna ar fud na tíre.