Tá dlúthcheangal ag an gceol le bunchreat shochaí na hÉireann agus le gach gné den saol. Tá éagsúlacht mhór mhillteanach in Éirinn ó thaobh an cheoil de, idir cheol traidisiúnta, agus cheol clasaiceach, shnagcheol, cheol domhanda, rac-cheol agus phopcheol, agus saibhreas éagsúlachta de stíleanna nua-aimseartha.
Tá an Chomhairle Ealaíon ag tabhairt faoi roinnt tascanna criticiúla a bhaineann le ceol, is mian linn: a chinntiú go bhfuil fáil ar cheol ag gach duine, beag beann ar mhaoin, míchumas, tíreolaíocht, oideachas, aois nó taithí; ceannasaíocht a chur ar fáil i leith saincheisteanna móra náisiúnta a bhfuil tionchar acu ar cheol; cur le saothar eagraíochtaí eile atá tiomanta do thacú agus cur chun cinn an cheoil agus san obair atá ar siúl againn, tuiscint agus freagairt a bheith againn ar gach séanra ceoil faoi leith ina théarmaí féin.
I dtéarmaí praiticiúla, cuirimid tacaíocht ar fáil do réimse ealaíontóirí aonair (cumadóirí agus oirfideoirí), eagraíochtaí taibhléirithe, tionscnóirí agus féilte, chomh maith le roinnt eagraíochtaí acmhainne agus údaráis áitiúla a thacaíonn le forbairt agus taibhléiriú náisiúnta an cheoil.