Beidh Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath Jameson (JDIFF) ar siúl ó 14 go 24 Feabhra. Tugann an Chomhairle Ealaíon tacaíocht d’Fhéile Scannán JDIFF. Is í sin an fhéile scannán is mó sa tír. Cuirtear rogha de na scannáin is fearr, idir scannáin idirnáisiúnta agus scannáin Éireannacha, os comhair an lucht féachana i mBaile Átha Cliath lena linn. Beidh deis ag an lucht féachana ar feadh breis agus deich lá agus deich n-oíche, féachaint ar réimse scannán éagsúil, bualadh le daoine a fuair cuireadh chun na féile, agus páirt a ghlacadh i seisiúin Ceisteanna agus Freagraí, i gceardlanna agus i ndíospóireachtaí. Is féidir clár na féile mar aon le ticéid le haghaidh na scannán agus na n-imeachtaí go léir a fháil ó www.jdiff.com.
Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon go bhfuil baint aici le roinnt scannán a thaispeánfar ag an JDIFF. Taispeánfar trí scannán den chéad uair riamh a rinneadh faoi scéim Reel Art na Comhairle Ealaíon a thugann tacaíocht d'ealaíontóirí scannán cláir faisnéise an-chruthaitheach a dhéanamh ar théama ealaíne. Tá an scéim á feidhmiú i gcomhpháirtíocht le Filmbase agus leis an JDIFF agus tugann gach ceann de scannáin na bliana seo ar thuras muid trí réimse an-éagsúil a spreagfaidh go leor smaointe:
Natan - Dé hAoine, 15 Feabhra ag 18:10 - san IFI
Ina scannán Natan, déanann Paul Duane agus David Cairns athscrúdú agus athshlánú ar Bernard Natan a bhí ina cheannródaí ar cineama na Fraince go luath sa 20ú céad.
Broken song - Dé Máirt, 19 Feabhra ag 18:10 - san IFI
Tugann scannán Claire Dix Broken Song léargas uathúil dúinn ar shaol Git, Costello agus Willa Lee - triúr filí sráide, ealaíontóirí hip hap agus cumadóirí amhrán ó Bhaile Átha Cliath Thuaidh.
Blood Rising - Dé Domhnaigh, 24 Feabhra ag 19:30 - san Savoy
Sa scannán Blood Rising, leanann Mark McLoughlin an t-ealaíontóir Brian Maguire agus é ag obair le teaghlaigh na mban a maraíodh in Juarez, Meicsiceo chun portráidí a chruthú de na mná atá ar iarraidh.
Lena chois sin taispeánfar saothar James Kelly Fionnuala: Puipeád Beag ar Thuras Mór / Fionnuala: Small Puppet on a Big Journey den chéad uair ag an bhféile. Leanann an scannán faisnéise seo an puipéad Fionnuala, de chuid Chompántas puipéad Branar, agus í ar a turas chun na Gearmáine le páirt a ghlacadh i léiriú de Chlann Lir. Rinneadh an scannán seo faoi scéim comhpháirtíochta na Comhairle Ealaíon agus TG4 Splanc! a thacaíonn le cláir chruthaitheacha ealaíon a dhéanamh le craoladh ar TG4.
Fionnuala: Puipéad Beag ar Thuras Mór - Dé Sathairn, 23 Feabhra ag 13:00 - i Cineworld
Beidh na gearrscannáin seo a leanas a fuair tacaíocht ón gComhairle Ealaíon á dtaispeáint Dé Céadaoin, 20 Feabhra ag 18:10 sa Light House:
- The Girl with the Mechanical Maiden - Andrew Legge (a rinneadh le maoiniú Tionscadail)
- Irish Folk Furniture - Tony Donoghue (a rinneadh faoin scéim bheochana Frameworks. Comhpháirtíocht is ea é sin idir an Chomhairle Ealaíon, Bord Scannán na hÉireann, & RTÉ)
- Fear of Flying - Conor Finnegan (a rinneadh faoin scéim bheochana Frameworks. Comhpháirtíocht is ea é sin idir an Chomhairle Ealaíon, Bord Scannán na hÉireann, & RTÉ)
- After You - Damien O’Connor (a rinneadh faoin scéim bheochana Frameworks. Comhpháirtíocht is ea é sin idir an Chomhairle Ealaíon, Bord Scannán na hÉireann, & RTÉ)