Tá daoine óga tar éis gealladh ionaid chultúrtha bhríomhara a dhéanamh d’fhoirgnimh thréigthe - má thugann Nama agus údaráis áitiúla ar fud na tíre an spás agus an deis dóibh.
Tháinig an smaoineamh ón gcéad fhóram faoi ealaíona na nÓg de chuid na Comhairle Ealaíon, inar bhailigh timpeall 60 duine óg ó ar fud na tíre i mBaile Átha Cliath. Dúirt siad, dá dtabharfaí an deis dóibh, go bhféadfadh daoine óga seilbh a ghlacadh ar fhoirgnimh fholmha timpeall na tíre agus ionaid taispeántais, ionaid chleachta, seiteanna do scannáin agus stiúideonna d’ealaíontóirí a dhéanamh díobh.
Bhí ról gníomhach ag an ngrúpa, ina raibh daoine óga ó gach cearn den tír, in imeachtaí na deireadh seachtaine, agus bhí páirt ghníomhach acu sna díospóireachtaí agus sa phlé.
Dúirt na rannpháirtithe, a bhí idir 15 agus 24 bliain d’aois, gur mhaith leo go mbeadh "coistí comhairleacha na n-óg" ag gníomhaireachtaí amhail an Chomhairle Ealaíon, ionas go gcothófaí a gcuid cruthaitheachta. D’fhágfadh tionscnamh den chineál sin laistigh de chomhlachtaí stáit go bhféadfadh daoine óga ionadaíocht a dhéanamh orthu féin agus a gcuid smaointe agus a gcuid tograí féin a chur chun cinn maidir le beartas cultúrtha, seachas daoine fásta níos sine, agus iad sin amháin, a bheith ag déanamh ionadaíochta orthu.
Dúirt toscairí ó na háiteanna seo a leanas; Cill Mhantáin, Aontroim, Dún na nGall, Muineachán, Sligeach, Gaillimh, Luimneach, Corcaigh, Port Láirge, Loch Garman, an Iarmhí, Laois, an Lú agus áiteanna éagsúla i mBaile Átha Cliath, gur mhaith leo ceardchumann náisiúnta a chur le chéile d’ealaíona na n-óg chun tuilleadh deiseanna a thabhairt do thallann a theacht chun cinn.
Art-Youth-Culture: Bhí FYI, sraith ceardlann, plé agus cruinnithe bunaithe ar na healaíona idir daoine óga agus lucht déanta beartais, ar siúl in Filmbase, Exchange Dublin agus in Oifigí na Cathrach ar Ché an Adhmaid, Baile Átha Cliath. Ba í an Chomhairle Ealaíon, le tacaíocht ó chlár an Aosa Óig i mBun Gníomhaíochta de chuid an Choimisiúin Eorpaigh arna riaradh ag Léargas a d’eagraigh an teacht le chéile, agus ba ghairid go raibh sí faoi lánseol. Thug físealaíontóirí óga aghaidh ar na sráideanna agus bhí ceoltóirí óga le cloisteáil ag seinm meascán uirlisí, ina measc, an corn francach, an dordveidhil, an giotár leictreach agus uirlisí eile, agus bhí smaointe maidir le beartas cultúrtha agus ealaíon á gcur ar Twitter agus ar bhlaganna idirlín.
Dúirt Gaye Tanham, ceann Daoine Óga, Páistí agus Oideachais na Comhairle Ealaíon, gur éirigh thar cionn leis an deireadh seachtaine, a thug guth don 15 faoin gcéad de dhaonra na hÉireann atá idir 15 agus 24 bliain d’aois ar bhealach díreach gan fasach. Tá 35 faoin gcéad de dhaonra na hÉireann comhdhéanta de dhaoine idir 0 agus 24 bliain d’aois (figiúirí 2006 ón bPríomh-Oifig Staidrimh).
"Chuir FYI an-deis ar fáil chun féachaint ar an gcion tábhachtach a dhéanann daoine óg ar son shaol na n-ealaíon agus an chultúir, agus chun éisteacht le smaointe, tuairimí agus taithí na ndaoine óga ó chúlraí éagsúla a ghlac páirt san imeacht" a dúirt sí.
"Thug sé an deis dúinn machnamh a dhéanamh ar scil agus ar chleachtas na comhairleoireachta, éisteacht le daoine óga agus cumhacht a thabhairt dóibh i bpróisis déanta beartais a mbeidh tionchar acu ar a dtaithí ar shaol na n-ealaíon agus an chultúir. Níl aon cheist faoi ach gur chuir sé tús le caibidil nua ó thaobh rannpháirtíocht na ndaoine óga in Éirinn de." a dúirt Gaye Tanham.
Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ar shuíomh Gréasáin na comhdhála: www.futurearts.ie