Is mar seo a shainmhínítear na healaíona traidisiúnta: ceol, amhránaíocht agus rince traidisiúnta agus na healaíona béil, mar shampla an scéalaíocht agus an t-agallamh beirte. Tá gnéithe bunúsacha a bhaineann leis an ealaíontóir agus le cleachtadh na n-ealaíon, go háirithe an seachadadh ó ghlúin go glúin, ag croílár bheartas agus chaiteachas na Comhairle Ealaíon maidir leis na healaíona traidisiúnta.
Thug an Chomhairle Ealaíon beartas nua i gcomhair na n-ealaíon traidisiúnta isteach an 24 Bealtaine 2005. Ag teacht leis an mbeartas seo, tá an Chomhairle Ealaíon ag cur Tionscnamh Ealaíon Traidisiúnta trí bliana i bhfeidhm ó 2005-2008. Tá an Chomhairle tar éis 3 mhilliún a dháileadh don tionscnamh i gcomhair an chéad bhliain iomlán (2006) agus táimid tiomanta tacaíocht airgeadais suntasach leanúnach a chur ar fáil. Tá sé i gceist ag an tionscnamh seo tús áite a thabhairt do na healaíona traidisiúnta i gcomhair tréimhse socraithe, chun an rún a bhaint amach príomhshruthú iomlán a dhéanamh ar na healaíona traidisiúnta laistigh de ghníomhaíochtaí na Comhairle. Tá sé deartha chun dúshraith níos daingne a chur faoi dhaoine tábhachtacha atá gníomhach sa réimse cheana féin agus bonneagar a dhaingniú le haghaidh na n-ealaíon traidisiúnta, a ligeann do smaointe, tionscadail agus comhpháirtíochtaí nua teacht chun cinn. Chun go mbeidh rath ar an obair, caithfidh lucht na n-ealaíon traidisiúnta dul i ngleic leis an tionscnamh iad féin.