Tá foireann tiomanta ag an gComhairle Ealaíon a dhíríonn ar Dhaoine Óga, Pháistí agus Oideachas. Táimid ar ár ndícheall le hoibriú i gcomhar le daoine óga, le pobal na n-ealaíon, le lucht déanta beartas poiblí agus le páirtithe eile chun na cuspóirí atá leagtha amach don réimse seo sa Chomhpháirtíocht ar son na nEalaíon a bhaint amach.
Galway Community Circus - The Lost Circus (Photo: Vanessa Jordan)
Iarraimid ar chuairteoirí ar an suíomh gréasáin seo:
- Imeachtaí a fhaigheann maoiniú ón gComhairle Ealaíon a bhaineann le daoine óga, leanaí agus na healaíona a chur suas ar an treoir imeachtaí agus féachaint ar na cinn atá ann;
- Léamh faoi chlár maoinithe na Comhairle Ealaíon sa réimse seo;
- Féachaint ar an bhfíseán aiseolais arna óstáil ag suíomh gréasáin Vimeo maidir le Scéim Ensembles na nÓg;
- Faisnéis a fháil maidir le cosaint agus leas leanaí.
- Naisc a leanúint chuig foilseacháin na Comhairle Ealaíon maidir le daoine óga, leanaí agus na healaíona;
- Féachaint ar an liosta eagraíochtaí a fhaigheann maoiniú ón gComhairle Ealaíon;
- Ár leathanach nuachta a léamh chun faisnéis agus sonraí nua a fheiceáil.