Téigh i dteagmháil linn
Roinnt ceisteanna a chuirtear go minic faoin gcaoi le sonraí teagmhála a fháil i gcás ealaíontóirí, eagraíochtaí ealaíon agus ionaid ealaíon.
Feadfaidh tú sonraí teagmhála na n-eagraíochtaí a fhaigheann maoiniú ón gComhairle Ealaíon a rochtain sa chuid Naisc dár láithreán gréasáin.
Tá sonraí teagmhála agus sonraí teicniúla le haghaidh ionad tionóil do na healaíona léirithe Thuaidh agus Theas le fáil ar Hallaí Éisteachta. Bunachar sonraí ar líne atá ann ina dtugtar eolas faoin mbonneagar fisiceach le haghaidh na n-ealaíon léirithe ar fud an oileáin.
Ní choinníonn an Chomhairle Ealaíon liosta cuimsitheach de na hionaid ealaíon in Éirinn faoi láthair. Is féidir faisnéis faoi réimsí áirithe a fháil ar na láithreáin gréasáin seo a leanas, áfach.
Cuireann an reachtaíocht um Chosaint Sonraí cosc orainn sonraí teagmhála daoine aonair a thabhairt do thríú páirtí gan cead d’aon ghnó a fháil uathu. B’fhéidir go ndéanfá iarracht láithreán gréasáin an duine féin a fháil trí chuardach a dhéanamh ar líne. Is féidir linn cabhrú i gcásanna eisceachtúla trí litir a sheoladh ar aghaidh, ach ní féidir linn gníomhú mar idirghabhálaí.
Mine are of trouble - Declan Clarke, 2006, Bailiúchán na Comhairle Ealaíon.