Saoráil faisnéise

Cuireadh feidhm leis an Acht um Shaoráil Faisnéise i gcás Ranna Rialtais agus gníomhaireachtaí eile na hearnála poiblí ar an 21 Aibreán 1998. Tháinig the Arts Council / An Chomhairle Ealaíon faoi réir an Achta go déanach i mí Deireadh Fómhair 2000.

Cuireann an tAcht SF trí cinn nua de chearta reachtúla ar fáil:

  • an ceart a bheith ag cách de réir dlí teacht ar fhaisnéis atá á coimeád ag comhlachtaí poiblí;
  • an ceart a bheith ag cách de réir dlí go n-athrófaí faisnéis oifigiúil ina t(h)aobh a leasú i gcás go bhfuil sí neamhiomlán, míchruinn nó míthreorach;
  • an ceart a bheith ag cách de réir dlí míniú a fháil ar chinntí a imríonn tionchar air/uirthi féin (ní bhaineann seo ach le cinntí a rinneadh i ndiaidh don Chomhairle Ealaíon teacht faoi scáth an Achta).

Dearbhaíonn an tAcht cearta ball an phobail teacht ar fhaisnéis atá ag an gComhairle Ealaíon, a mhéad is féidir é, de réir leasa an phobail agus cearta príobháideachais.

Ceapadh an Acht um SF chun cead a thabhairt don phobal an fhaisnéis sin a rochtain atá ag eagraíochtaí poiblí agus NACH bhfuil fáil uirthi ó fhoinsí eile sa ghnáthchúrsa. Tá roinnt eisceachtaí ar chead rochtana ar fhaisnéis faoin Acht agus tá gnásanna agus teorainneacha ama ar leith ag baint leis.

Lámhleabhair um Shaoráil Faisnéise
Tá obair idir lámha faoi láthair ag an gComhairle Ealaíon ag nuashonrú a dhá Lámhleabhar um Shaoráil Faisnéise (Cuid 15 Leabhair Thagartha, Feidhmeanna agus Taifid, agus Cuid 16 Leabhair Thagartha, Rialacha agus Cleachtais).

 
Arena V11 (ola ar chanbhás) - Samuel Walsh, 1989, Bailiúchán na Comhairle Ealaíon - dánlann fhíorúil.
arrow bullet iconArena V11 (ola ar chanbhás) - Samuel Walsh, 1989, Bailiúchán na Comhairle Ealaíon - dánlann fhíorúil.
Cad atá nua
» Breis nuachta
»RSS | Céard é seo?