Na dámhachtana tacaíocht d'ealaíontóirí
Caithfidh na hiarrthóirí dá ndámhtar dámhachtana "Tacaíocht d'Ealaíontóirí" - lena n-áirítear Dámhachtana Sparánachta, Dámhachtana Coimisiún, Tionscadail: Saothar Nua, Tionscadail: Dámhachtana Aonuaire agus Dámhachtana Taistil agus Oiliúna - tuairisc a thabhairt ar an leas a bhain siad astu agus admhálacha a sholáthar mar is cuí. Seolfar foirm thuairiscithe agus eolas cuí eile chugat in éineacht le do litir thairisceana. Ní mór an fhoirm thuarascála a bheith seolta isteach in éineacht le d'iarratas chun an tráthchuid dheireanach de do mhaoiniú a tharraingt anuas.
Coinníonn na tuairiscí seo an Chomhairle Ealaíon ar an eolas faoi réimse agus faoi chineál na ngníomhaíochtaí a dtugaimid tacaíocht dóibh, léiríonn siad dúinn cé chomh héifeachtach is atá na dámhachtainí maidir le tosaíochtaí na Comhpháirtíochta ar son na nEalaíona bhaint amach, agus cé chomh héifeachtach is atá ár gcórais iarratais agus cumarsáide.
Íoslódáil foirm thuarascála tacaíocht d'ealaíontóirí (DOC, 0.16 MB)
Foirm thuairiscithe do Fhéilte Beaga 2012
Cuirtear an fhoirm seo ar fáil chun gur féidir libh cuntas fíriciúil a sholáthar don Chomhairle Ealaíon ar a raibh bhur n-eagraíocht ábalta a chur ar fáil le Deontas na bhFéilte Beaga 2012.
Comhlánaigh an fhoirm seo go cúramach, le do thoil, agus seol ar ais go dtí Féilte Beaga ag an gComhairle Ealaíon í ar an suíomh seirbhísí ar líne. Cabhróidh do chuid faisnéise linn cáipéisiú a dhéanamh ar agus feabhas a chur ar ár gcuid tacaíochtaí do bhabhtaí eile den scéim. Chun an fhoirm a íoslódáil, cliceáil ar an nasc seo a leanas:
Camchuairteanna 2011
Tugann an fhoirm tuairisc ar lucht féachanna seo eolas cruinn don Comhairle Ealaíon faoi lucht féachanna agus méid ón Oifig Ticéid. Chun do íocaíocht deireannach a fháil, caithfear an fhoirm seo a chuir faoi bhráid, comh maith le tuairisc ioncaim agus caiteachas, ullmhaithe ag cuntasóir.
Tabhairfidh an t-eolas seo deis dúinn feabhas a chur ar scéimeanna eile níos deireannaí. Le ioslódáil, cniog ar an nasc thíosluaite:
An Dámhachtain do Léiriúchán Ceoldráma
Caithfidh na daoine a gheobhaidh an Dámhachtain do Léiriúchán Ceoldráma na rudaí seo a leanas a chur isteach ionas go mbeidh siad in ann an íocaíocht dheiridh a tharraingt anuas:
- Tuairisc mhionsonraithe den tionscadal
- Cuntas ioncaim agus caiteachais deimhnithe (sínithe) ag cuntasóir/iniúchóir cleachtach
- Buiséad deiridh ag úsáid an teimpléid Buiséad Deiridh do Léiriúchán Ceoldráma*
- Tuairisc a bheidh comhlánaithe maidir le Díol Ticéad/Lucht Éisteachta/Féachana ag úsáid an teimpléid chirt"
Leis an bhfaisnéis seo tabharfar sonraí fíriciúla tábhachtacha don Chomhairle Ealaíon maidir le figiúirí i léiriúchán ceoldráma agus lucht féachana ceoldráma.
*Chun iad a íoslódáil cliceáil ar na naisc thíos: