Maoiniú

Tá na ceisteanna a chuirtear go minic faoin chaoi le hiarratas a dhéanamh ar mhaoiniú curtha i dtoll a chéile againn sa chuid seo.   Molaimid duit na ceisteanna a chuirtear go minic a léamh, agus dul chuig ár nUirlis Aimsithe Maoinithe a thaispeánfaidh duit an maoiniú atá againn a d’oirfeadh duit.

 
Bhronn an Chomhairle Ealaíon deontas orm. Cé chomh luath agus a bheidh mé in ann iarratas a dhéanamh ar cheann eile?

Níl aon teorainn leis an líon iarratas is féidir a dhéanamh faoi aon cheann de na dámhachtainí d’ealaíontóirí in aon bhliain amháin beag beann ar dheontas a bheith bronnta cheana féin i mbabhta roimhe sin. Ba chóir d’iarratasóirí a thabhairt faoi deara gurb é an t-uasmhéid a dheonófar faoin Dámhachtain Sparánachta in aon bhliain amháin ná €15,000.


Cad é an Uirlis Aimsithe Maoinithe?

Cabhraíonn anUirlis Aimsithe Maoinithe leat féachaint trí na cineálacha éagsúla maoinithe atá le fáil ón gComhairle Ealaíon Cuirfear trí cheist ort chun do chuardach  a dhéanamh níos grinne.

  1. Cén cur síos is fearr a oireann duit? An ealaíontóir thú, mar shampla, eagraíocht ealaíon, údarás áitiúil, nó féile bheag?

  2. Cén fhoirm ealaíne nó cleachtas ealaíona ar mhaith leat deontas a fháil dó? Tá maoiniú ann nach gcuirtear ar fáil ach amháin le haghaidh foirmeacha ealaíona agus cleachtais ealaíon faoi leith agus tá maoiniú eile ann ar féidir é a éileamh le haghaidh aon fhoirm ealaíne nó cleachtas ealaíon. Cuireann Splanc! maoiniú ar fáil, mar shampla, le haghaidh clár faisnéise i nGaeilge agus ní bhaineann sé ach le scannáin, ach féadfaidh cleachtóirí atá ag plé le haon fhoirm ealaíne nó cleachtas ealaíon cur isteach ar Tionscadail: Saothar Nua, áfach.

  3. Cé mhéid ar mhian leat a chur isteach air?

An gá dom a bheith ag cur fúm i bPoblacht na hÉireann le cur isteach ar mhaoiniú mar ealaíontóir aonair?

Ní mór d'ealaíontóirí aonair a bheith tagtha chun an tsaoil i bPoblacht na hÉireann nó a bheith ina gcónaí ann agus uimhir bhailí PPS a bheith acu.

'Cónaitheacht'- tá ár sainmhíniú ar cad is 'Cónaitheacht' ann bunaithe ar an sainmhíniú a úsáideann na Coimisinéirí Ioncaim. Measfar tú a bheith i do chónaí in Éirinn, in aon bhliain ar leith, i gceachtar den dá chás seo a leanas:

Má chaitheann tú 183 lá nó níos mó in Éirinn in aon bhliain amháin (1 Eanáir - 31 Nollaig)


má chaitheann tú 280 lá nó níos mó in Éirinn thar dhá bhliain i ndiaidh a chéile, measfar tú a bheith i do chónaí anseo sa dara bliain díobh. Sin ráite, níl feidhm leis an gcoinníoll má chaitheann tú 30 lá nó níos lú in Éirinn le linn ceachtar den dá bhliain sin.

Mar shampla:

  1. Measfar tú a bheith i do chónaí anseo le linn na dara bliana má chaitheann tú 140 lá anseo le linn na céad bhliana agus 150 le linn na dara bliana.

  2. Má chaitheann tú 365 lá anseo sa chéad bhliain agus 10 lá sa dara bliain, ní mheasfar tú a bheith i do 'chónaitheach' le linn an dara bliain.

I gcomhair naDámhachtain Coimisiún, ní mór don ealaíontóir nó don choimisinéir an critéar cónaitheachta seo a chomhlíonadh.

Níl daoine a chónaíonn i dTuaisceart Éireann i dteideal iarratas a dhéanamh ar dhámhachtainí de chuid na Comhairle Ealaíon mar ealaíontóirí aonair.


An féidir liom iarratas ar mhaoiniú a dhéanamh ar líne?

Is féidir, is féidir leat iarratas ar mhaoiniú a dhéanamh ar líne ag suíomh Gréasáin seirbhísí ar líne na Comhairle Ealaíon: https://onlineservices.artscouncil.ie/

Déan cinnte le do thoil, go léann tú na treoirlínte maidir leis an gciste ábhartha sula ndéanann tú iarratas.  Is féidir leat sonraí a fháil faoin maoiniú atá ar fáil ón gComhairle Ealaíon.


An gá dóibh siúd a faigheann maoiniú nó dámhachtain ón gComhairle Ealaíon cáin a íoc?
Molann an Chomhairle Ealaíon go rachfá i comhairle le do chuntasóir nó go n-iarrfá comhairle ó na Coimisinéirí Ioncaim faoi cheist ar bith a bhaineann le cúrsaí cánach.  Thug na Coimisinéirí Ioncaim le fios go bhfuil díolúine ó cháin i gcás sparánachtaí agus íocaíochtaí Cnuas na Comhairle Ealaíon acu siúd a fuair an díolúine cánach d'ealaíontóirí faoi réir Alt 195 faoin acht um chánacha (comhdhlúthú) - Taxes Consolidation Act, 1997.

Céard iad na fáthanna a d’fhéadfadh a bheith le cinneadh go bhfuil m’iarratas ar Thacaíocht d'Ealaíontóirí neamhbhailí.

Measfar d'iarratas a bheith neamhbhailí agus seolfar ar ais chugat é sna cásanna seo a leanas:

  • Ní chomhlíonann tú na riachtanais incháilithe (féach 'Incháilitheacht le hiarratas a dhéanamh');
  • Fuarthas d'iarratas nó do cháipéisí tacaíochta go déanach;
  • Chuir tú d'iarratas chugainn trí ríomhphost nó trí fhacs;
  • Níor chomhlánaigh tú an fhoirm iarratais ina hiomláine;
  • Níor chuir tú an t-ábhar tacaíochta ar fad a bhí riachtanach le d'iarratas;
  • Sheol tú d'ábhar tacaíochta trí ríomhphost, trí fhacs nó mar cheangaltán le d'fhoirm iarratais ar líne (caithfear gach ábhar tacaíochta a chur isteach ar chóip chrua);
  • Níl an ghníomhaíocht a mholtar oiriúnach do chuspóir na dámhachtana sainiúla ar a bhfuil iarratas á cur isteach agat;
  • Tá an ghníomhaíocht atá molta níos feiliúnaí do dhámhachtain eile atá cistithe ag an gComhairle Ealaíon nó arna fheidhmiú ag gníomhaíochtaí stáit eile, lena n-áirítear Culture Ireland, Bord Scannán na hÉireann, Comhairle Ceardaíochta na hÉireann;
  • Níl foráil déanta ag an dámhachtain agus ag an mbabhta iarratais ar sheol tú iarratas chucu don fhoirm ealaíne/chleachtas ealaíon atá mar phríomhfhócas d’iarratais.
  • Tá tú ag iarraidh maoinithe le haghaidh gníomhaíochtaí atá curtha i gcrích cheana féin nó a bheidh curtha i gcrích faoin am a mbeidh an cinneadh le déanamh i dtaobh d'iarratais;
  • Baineann an ghníomhaíocht a mholtar le cuspóirí tiomsaithe airgid le haghaidh carthanachta, le rannpháirtíocht i gcomórtas, nó le cuspóirí brabúis go príomha;
  • Tá an ghníomhaíocht molta ag díriú den chuid is mó ar thorthaí teiripeacha (teiripe ealaíne), seachas torthaí ealaíonta a chuireann le sláinte agus folláine (na healaíona agus sláinte);
  • Rinneadh an tionscadal ar a gcuirtear síos a mheasúnú cheana féin ag an Chomhairle Ealaíon. Déanfar eisceacht má chuir an Chomhairle comhairle ort d'iarratas a athdhíriú ar dhámhachtain eile. Ach cuimhnigh nach ionann a leithéid de chomhairle agus léiriú go n-éireoidh leis an iarratas.

Light jet simulator (Photograph) - Siobhan Ha
arrow bullet iconSimulator (Grianghraf) - Siobhan Hapaska, 2003, Bailiúchán na Comhairle Ealaíon.