Eagraíochtaí ealaíne ar fud na tíre a neartú chun go mbeidh pobal ealaíne bríomhar seasmhach ann
Ár gcur chuige maidir le maoiniú a choigeartú chun go mbeidh sé in oiriúint do mhéid, do chineál agus do riachtanais na n-eagraíochtaí ealaíne
Is éard a dhéanfaimid:
- clár nua maoinithe a chruthú a fhreastalaíonn ar riachtanais éagsúla;
- a chinntiú go bhfuil ár riachtanais eolais a leagaimid síos oiriúnach do mhéid agus do chineál na n-eagraíochtaí a mhaoinímid;
- ár modhanna meastóireachta a athbhreithniú agus a shoiléiriú agus beart a dhéanamh dá réir sin.
Grúpa d'eochair-eagraíochtaí ealaíne a neartú agus a dhéanamh níos seasmhaí
Is éard a dhéanfaimid:
- athbhreithniú a dhéanamh ar conas a sholáthraímid tacaíocht airgeadais, ag cur béime ar chobhsaíocht leanúnach ó bhliain go bliain i gcomhair eagraíochtaí atá ag dul do ghníomhaíochtaí de thábhacht straitéiseach;
- déanfar athbhreithniú leanúnach ar bheartais a bhaineann lenár sainmhíniú ar cad is gníomhaíochtaí de thábhacht straitéiseach ann;
- an t-eolas agus an chomhairle a sholáthar atá riachtanach d'eochair-eagraíochtaí chun a gcuid saothair a fhorbairt agus a choimeád ar siúl.
Cur leis an tacaíocht ar son na n-ealaíon ó mhaoinitheoirí eile agus ó fhoinsí eile
Is éard a dhéanfaimid:
- feachtas a dhearadh chun tacaíocht dhaonchairdiúil ar son na n-ealaíon a mhéadú;
- na foinsí tacaíochta a sholáthar atá riachtanach d'eagraíochtaí ealaíne chun a gcás a agairt agus caidreamh a chruthú le dreamanna a d'fhéadfaí a mhaoiniú amach anseo.
- moltaí a chur i láthair an Rialtais chun stádas CBL níos fabhraí a chruthú ar son eagraíochtaí ealaíne;
- comhpháirtíochtaí maoinithe a phlé leis na húdaráis áitiúla agus le gníomhaireachtaí eile, chun cobhsaíocht fhadtéarmach a chinntiú ar son gníomhaíochtaí de thábhacht straitéiseach a bhíonn ar siúl ag eagraíochtaí ealaíne;
- moltaí a chur i láthair an rialtais ag imlíniú na riachtanas maidir le hinfheistíocht chaipitiúil sna healaíona.