Féachaint chuige go bhfeidhmíonn an Chomhairle Ealaíon go héifeachtach
Ár gcumas chun cás a dhéanamh ar son na n-ealaíon a neartú
Is éard a dhéanfaimid:
- ár gcumas chun cumarsáid shoiléir, dhíreach, éifeachtach a dhéanamh le lucht na n-ealaíon agus le páirtithe eile a fheabhsú, agus sin a chur chun sochair do lucht na n-ealaíon.
ár gcaidreamh le lucht na n-ealaíon a fheabhsú
Is éard a dhéanfaimid:
- modh oibre nua a thionscnamh atá bunaithe ar chumarsáid oscailte agus ar phrionsabail an mhalartaithe eolais, faisnéise agus sainscileanna;
- ár bpróisis oibre uile a dhéanamh so-úsáidte ar shlí a gcomhlíonann ár ndualgais chuntasachta don rialtas.
- Daoine a spreagadh chun teacht chugainn agus a gcuid smaointe, uaillmhianta agus pleananna a phlé, fiú ag céim luath. Breathnú ar shlite nua chun tacaíocht airgeadais a sholáthar agus cobhsaíocht airgeadais a bhaint amach.
Cloí le cur chuige atá bunaithe ar bheartas
Is éard a dhéanfaimid:
- gach ceann dár réimsí oibre a scrúdú i gcomhpháirt le lucht na n-ealaíon, agus, i bhfianaise na gcomhphléite sin, ráitis mionsonraithe a fhoilsiú maidir le beartas a mhíníonn réasúnaíocht ár gcuid tosaíochtaí agus na gcinntí a dhéanaimid maidir le maoiniú de.
- deimhin a dhéanamh de go bhfuil sé d'acmhainn againn ár mbeartais a chur i ngníomh, tar eis iad a chomhaontú.
- deimhin a dhéanamh de go bhfuil ár mbeartais solúbtha go leor chun freagairt d'fhorbairtí nua, gan radharc a chailleadh choíche ar leas fadtéarmach na n-ealaíon, agus ár mbeartais a athbhreithniú ar bhonn rialta;
- clár nua a bhunú chun gur fearr a bheimid in ann saothrú i gcomhpháirt le gníomhaireachtaí agus le comhlachtaí eile, d'fhonn deimhin a dhéanamh de go mbíonn ár mbeartais ábharthach, inchurtha i gcrích, agus go gcomhlíonaimid ár ndualgas maidir le comhairle a chur ar an rialtas.
Plean mionsonraithe forfheidhmiúcháin a réiteach agus a fhoilsiú agus na torthaí a thomhas
Is éard a dhéanfaimid:
- córas a thionscnamh a chuirfidh ar ár gcumas féachaint cé acu atá ag éirí linn nó ag teip orainn ár gcuspóirí a bhaint amach;
- pleananna gníomhaíochtaí bliantúla a réiteach agus a fhoilsiú a leagann amach ár dtosaíochtaí don bhliain agus a mhíníonn an bhaint atá acu le cur i gcrích ár gcuspóirí.