Cabhrú le healaíontóirí a n-uaillmhianta ealaíne a bhaint amach
Chun an cuspóir sin a bhaint amach, déanfaimid na nithe seo a leanas:
Feabhas a chur ar ár raon d'fhoinsí tacaíochtaí praiticiúla.
Is éard a dhéanfaimid:
- cláir mhaoinithe a athchóiriú le go mbeidís ní b'oiriúnaí do riachtanais na n-ealaíontóirí, idir riachtanais is eol dúinn agus tuilleadh a dtiocfaidh ann dóibh amach anseo.
- an t-eolas agus an chomhairle a sholáthar atá riachtanach d'ealaíontóirí chun a gcuid saothair a fhorbairt agus a choimeád ar siúl. Déanfar sin trí thacú le heagraíochtaí speisialtóireachta.
Tacú le healaíontóirí lucht féachana/éisteachta a bhaint amach.
Is éard a dhéanfaimid:
- clár nua tacaíochta a chruthú chun freastal ar riachtanais na n-údarás áitiúil maidir le forbairt na n-ealaíon agus speisialtóireacht sna healaíona, idir riachtanais is eol dúinn cheana agus riachtanais a dtiocfaidh ann dóibh amach anseo;
- i gcomhpháirt leis na húdaráis áitiúla, acmhainní nua inbhuanaithe a aithint ar son na n-ealaíon ar leibhéal áitiúil d'fhonn cur le maoiniú tionscadal-bhunaithe;
- saothrú le hoifigigh ealaíne agus le Cumann na mBainisteoirí Cathrach agus Contae chun táscairí feidhmíochta a fhorbairt ar son na n-ealaíon atá oiriúnach, íogair.
Feabhas a chur ar choinníollacha maireachtála agus oibre ealaíontóirí.
Is éard a dhéanfaimid:
- clár nua tacaíochta a chruthú ar son eagraíochtaí ealaíne a chuirfidh ar a gcumas dóibh deiseanna ealaíne ardchaighdeáin do pháistí a aithint agus a sholáthar;
- clár a cheapadh agus a chur i ngníomh chun imeachtaí ealaíne ardchaighdeáin a sholáthar trí chomhpháirtíochtaí áitiúla 'ealaín san oideachas' ar bhun, dara agus tríú leibhéal;
- i gcomhpháirt leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus páirtithe eile, féachfaimid cé chomh hindéanta is a bheadh sé tionscnamh oideachais náisiúnta a bhunú, ag tosú le hoideachas ceoil;
- saothrú le gníomhaireachtaí eile chun tacú le cleachtadh na n-ealaíon san oideachas neamhfhoirmiúil;
- clár nua a fheidhmiú chun tacú le ensembles óige agus le heagraíochtaí náisiúnta a sholáthraíonn acmhainní ar son ealaíona na n-óg.