Luach na n-ealaíon sa tsochaí a dhearbhú agus a chur chun cinn
Chun an cuspóir sin a bhaint amach, déanfaimid na nithe seo a leanas:
Tacú le healaíontóirí agus le heagraíochtaí ealaíne iad féin agus a gcuid oibre a chur chun cinn agus abhcóideacht a dhéanamh ar a son féin
Is éard a dhéanfaimid :
- clár tacaíochta a chruthú, leis na hacmhainní cuí, a chuirfidh ar a gcumas d'ealaíontóirí agus d'eagraíochtaí ealaíne a bheith ag abhcóideacht agus ag stocaireacht ar cheisteanna tábhachtacha;
- deiseanna traenála agus forbartha a thairiscint do bhaill fhoirne na n-eagraíochtaí ealaíne a chuirfidh ar a gcumas dóibh a bheith ina n-abhcóidí éifeachtacha ar son na n-ealaíon.
Cur le feasacht an phobail ar ról na n-ealaíon sa saol laethúil
Is éard a dhéanfaimid:
- an staidéar ó 1994 dar teideal The Public and the Arts a nuashonrú le go léireodh sé athruithe ar dhearcadh daoine i leith na n-ealaíon;
- feachtas feasachta pobail a cheapadh agus a chur i ngníomh, i gcomhpháirt le healaíontóirí agus le heagraíochtaí ealaíne;
- clár a cheapadh agus a chur i ngníomh, i gcompháirt leis na húdaráis áitiúla, a léireoidh cion tairbhe na n-ealaíon ar leibhéal áitiúil.
Saothrú le ranna agus le gníomhaireachtaí rialtais, agus leis na hearnálacha deonacha agus príobháideacha, féachaint chuige go mbeidh na healaíona i gcroílár na sochaí
Is éard a dhéanfaimid:
- clár abhcóideachta a cheapadh agus a chur i ngníomh chun luach na n-ealaíon a chur ar a súile do lucht déanta beartas poiblí;
- clár abhcóideachta a cheapadh agus a chur i ngníomh a léireoidh cé chomh lárnach is atá an t-oideachas ealaíne i ngach foirm ealaíne;
Cuimseoidh sin:
- comhoibriú leis an Roinn Oideachais, agus comhpháirtíochtaí ealaíne áitiúla, chun a dheimhniú go mbíonn scoth na n-ealaíon le fáil sna scoileanna agus ar fud an chórais oideachais fhoirmiúil;
- comhoibriú leo siúd atá ag plé le hoideachas neamhfhoirmiúil chun a áiteamh go héfeachtach gur chóir na healaíona a chur san áireamh i mbeartais agus i dtionscnaimh um fhoghlaim ar feadh an tsaoil;
- clár tacaíochta a chruthú, bunaithe ar phrionsabail chomhpháirteachais, chun cabhrú le gníomhaireachtaí san earnáil phoiblí agus dheonach na healaíona a fhí isteach ina gcuid oibre