Féadfaidh eagraíochtaí ealaíon, ealaíontóirí agus grúpaí (ar nós eagraíochtaí neamhbhrabúsacha nó grúpaí pobail nó iad siúd atá ag obair in earnáil na sláinte nó an oideachais) cur isteach ar thacaíocht airgeadais ón gComhairle Ealaíon. Cabhraíonn an ‘Uirlis Aimsithe Maoinithe’ leat féachaint ar na cineálacha maoinithe atá ar fáil chun an clár maoinithe ceart a roghnú do na riachtanais faoi leith atá agat.