Is í an Chomhairle Ealaíon an ghníomhaireacht a cheap Rialtas na hÉireann le haghaidh fhorbairt na n-ealaíon. Oibrímid i gcomhpháirt le healaíontóirí, eagraíochtaí ealaíne, lucht déanta beartas agus páirtithe eile chun áit lárnach a chruthú do na healaíona i saol na hÉireann.
Sa chuid Maidir Linne féadfaidh tú faisnéis a fháil faoi ról agus
príomhfheidhmeanna na Comhairle Ealaíon agus forléargas ar an bplean straitéiseach, Comhpháirtíocht ar son na nEalaíon, a thugann cuntas imlíne ar spriocanna agus tosaíochtaí na Comhairle sa tréimhse cúig bliana 2006 go 2010. Féadfaidh tú fáil amach freisin faoifholúntais reatha, taririscintíar oscailt agus d'ainm a chur síos le haghaidhnuachtlitirna Comhairle Ealaíon.