Maidir linne
Is é Culture Connects an clár cultúir trína ndéanfar ceiliúradh ar Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh (1 Eanáir-30 Meitheamh 2013.
Tá comhordú déanta ag an gComhairle Ealaíon ar chlár náisiúnta ina mbeidh níos mó ná 90 tionscadal agus imeacht ealaíon comhaimseartha ar siúl ar fud na tíre. Déanfar ceiliúradh sa raon tionscnamh speisialta, arna eagrú faoi na cúig shraith thíos, ar éagsúlacht an chleachtais ealaíne a dhéanann na healaíontóirí agus na heagraíochtaí ealaíon atá lonnaithe in Éirinn i gcomhar lena gcomhghleacaithe atá lonnaithe in áiteanna eile san Eoraip.
Tá 23 tionscadal sa tsraith Local Arts Europe de Culture Connects, agus baineann siad le go leor réimsí den chleachtas ealaíne idir dhamhsa comhaimseartha, sheónna gairmiúla, ealaín fuaime agus léarscáiliú físe.
Baineann Féile Festa le healaíontóirí agus lucht féachana a nascadh le chéile, agus tá os cionn 30 féile timpeall na hÉireann i gceist léi.
Faoin tsraith Traditional Now, tá sé cinn de thionscadail ealaíne traidisiúnta ina léirítear comhoibriú ealaíne traschultúir.
Tá na céadta ealaíontóir óg páirteach sa tsraith Daoine Óga Cruthaitheacha, idir cheoltóirí clasaiceacha, aisteoirí, stiúrthóirí, dhamhsóirí agus scannánóirí.
Faoi shraith dheiridh Culture Connects, cuirtear os comhair an tsaoil cuid de na heagraíochtaí ealaíon in Éirinn a bhí an-tiomanta go deo do bheith ag obair thar teorainneacha náisiúnta na hEorpa.
Tá fáil ar bhróisiúr an Chlár Náisiúnta Culture Connects le híoslódáil anseo (3.04 MB, Adobe PDF).