Spriocdháta d'Iarratais: 10 Lúnasa 2012
Próifíl an Róil
A. Sonraí
Post: Stiúrthóir Airgeadais agus Rúnaí na Cuideachta
Grád: Leas-Phríomhoifigeach
Ag tuairisciú don: Stiúrthóir
B. Cúis an Róil
Lena áirithiú go bhfuil bainistíocht airgeadais agus córais airgeadais chuí i bhfeidhm chun tacú leis an eagraíocht a ról a chomhlánú agus a cuspóir a bhaint amach agus na healaíona in Éirinn a fhorbairt, agus lena áirithiú go ndéanann an Chomhairle timpeallacht rialála na hearnála poiblí ina bhfeidhmíonn sí a chomhlíonadh. (buiséad 2012 €63.2m.)
Chun oifig Rúnaí na Cuideachta a shealbhú bunaithe ar choincheap an neamhspleáchais agus na muiníne, ag léiriú rúndacht an róil. Tá Rúnaí na Cuideachta lárnach d’fheidhmiú an chleachtais is fearr maidir le rialachas corparáideach atá ag éirí níos tábhachtaí do cháil agus do rath na heagraíochta.
Chun feidhmiú mar bhall rannpháirteach d’fhoireann Bainistíochta Sinsearaí na Comhairle Ealaíon.
C. Príomhfhreagrachtaí
Rannchuidiú le baint amach na straitéisí agus na gcuspóirí eagrúcháin trí rannpháirtíocht éifeachtach san fhoireann bainistíochta sinsearaí
An fhoireann airgeadais a threorú, a spreagadh agus a bhainistiú maidir le sárchaighdeáin bhainistíochta airgeadais a chur i gcríc
Socrú na mbuiséad a mhaoirsiú, sreabhadh airgid thirim a bhainistiú, agus gach idirbheart íocaíochta a phróiseáil.
Párolla na foirne agus pinsinéirí agus na tuairisceáin reachtúla ghaolmhara a fhorfheidhmiú
Comhlíonadh rialacháin uile na Roinne Airgeadais agus na gCoimisinéirí Ioncaim a áirithiú
An t-iniúchadh inmheánach bliantúil agus feidhmeanna bainistíochta riosca a bhainistiú agus tuairisciú don Choiste Iniúchóireachta
Ráitis airgeadais bhliantúla na Comhairle a ullmhú agus comhthadhall a dhéanamh leis na hiniúchóirí seachtracha
Tuairisciú faisnéise airgeadais, lena n-áirítear anailís íogaireachta agus riosca, a chur ar fáil ar bhonn tráthúil agus rialta don bhainistíocht shinsearach agus do Choiste Gnó agus Airgeadais na Comhairle.
Áirithiú a dhéanamh go bhfuil an Chomhairle freagrach as rialú airgeadais de réir mar is cuí do ghníomhaireacht earnála poiblí
Feidhmiú mar Rúnaí don Chomhairle, faoi théarmaí an Achta Ealaíon, 2003, Achtanna na gCuideachtaí agus aon reachtaíocht ábhartha eile, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
- Áirithiú go ndéantar cód cleachtais na gcomhlachtaí stáit agus na hachtanna um eitic in oifig phoiblí a chomhlíonadh.
- Clár Coinbhleachtaí Leasa a chothabháil
- Miontuairisc a dhéanamh i leith cinntí agus tinrimh ag cruinnithe iomlánaíocha na Comhairle
- Áirithiú a dhéanamh go gcomhlíonann an Chomhairle Ealaíon an reachtaíocht agus an rialachán ábhartha, agus comhaltaí a choinneáil ar an eolas faoina n-oibleagáidí reachtúla
- An Cathaoirleach agus an Chomhairle a chur ar an eolas maidir le haon sárú ábhartha ar bheartais rialachais chorparáidigh na Comhairle a bhfuil sé/í feasach ina leith
- Cruinnithe na Comhairle a eagrú agus a riar i gcomhar leis an gCathaoirleach agus leis an Stiúrthóir
- Freagracht a ghlacadh as cúram agus úsáid shéala na Comhairle Ealaíon
- Dul i mbun freagrachtaí eile maidir le Rialachas Corparáideach a d’fhéadfadh a bheith riachtanach ó am go ham agus de réir mar a aontaítear ó am go chéile leis an Stiúrthóir.
Príomhthionscadail chorparáideacha/straitéiseacha a threorú, a bhainistiú nó rannchuidiú leo de réir mar is gá, go háirithe:
- Seirbhísí comhroinnte - a bheith i gceannas ar chlár náisiúnta chun tuilleadh éifeachtúlachtaí i measc eagraíochtaí cliaint a áirithiú. Tionscnaimh a fhorbairt go sonrach chun tacú le braisliú eagraíochtaí ealaíon ar bhonn geografach agus téamach, seirbhísí comhroinnte a fhorbairt go háitiúil, mar aon le tionscnamh chun tacú le heagraíochtaí samhlacha gnó nua a fhorbairt chun tacú le hinbhuanaitheacht agus le hinmharthanacht go fadtéarma faoi réir ag acmhainn laghdaithe.
- Treoirscéim daonchairdis - an tionscadal sin a threorú chun tacú le líon riachtanach eagraíochtaí a gcumas daonchairdis agus tiomsaithe airgid a mhéadú trí chlár 2 bhliain agus straitéis fhadtéarma a fhorbairt don Chomhairle Ealaíon.
D. Sonraíocht faoin bpearsa
- Taithí ábhartha cúig bliana ar a laghad ar chuntasaíocht airgeadais, ar thuairisciú agus ar bhainistíocht, bheadh taithí ar an earnáil phoiblí inmhianaithe ach ní riachtanach í
- Taithí roimhe seo mar bhall foirne éifeachtach ar leibhéal bainistíochta sinsearaí
- Eolas cothrom le dáta ar Chaighdeáin Tuairiscithe Airgeadais
- Eolas cothrom le dáta ar Chaighdeáin Iniúchóireachta de réir mar a bhaineann sé leis an Earnáil Phoiblí
- Eolas agus taithí ar chórais ríomhairithe maidir le faisnéis airgeadais a stóráil, a aisghabháil agus a shamhaltú
- Cumais anailíseacha agus mheastóireachta, lena n-áirítear an cumas faisnéis bainistíochta airgeadais a chur ar fáil don fhoireann neamhspeisialaithe agus don Chomhairle
- Ardchaighdeáin ionracais agus cumas cruinnis agus airde maidir le sonraí, i dtimpeallacht ardbhrú atá thar a bheith poiblí
- An cumas an fhoireann a spreagadh agus a bhainistiú
- Beidh eolas agus taithí mionsonraithe ag an sealbhóir poist ar riachtanais dlí agus rialála ról Rúnaí na Cuideachta. Chun dualgais Rúnaí na Cuideachta a chomhlíonadh bíonn tacar scileanna de dhíth lena n-áirítear eolas, taithí ábhartha, freagracht eiticiúil, ionracas agus an cumas gan géilleadh do bhrú chun gníomh éigin a ghlacadh a bheadh dochrach do leas na Comhairle Ealaíon
- Bheadh taithí nó tuiscint ar an earnáil ealaíon ina buntáiste
- Cáilíocht chéime, i ngnó, san eacnamaíocht nó i ndisciplín gaolmhar;
- Cáilíocht ó chomhlacht cuntasaíochta cáiliúil aitheanta maidir le cuntasaíocht bainistíochta (ball comhlach ar a laghad d’Institiúid Chairte na gCuntasóirí Bainistíochta, nó sin a aithnítear mar choibhéis);
Bunús fostaíochta
Is ionann an scála tuarastail don phost agus Stiúrthóir Cúnta, atá coibhéiseach le scála Príomh-Oifigigh Chúnta sa Státseirbhís. Tá tréimhse promhaidh 12 mhí i gceist.
Conas iarratas a dhéanamh
Chun iarratas a chur isteach, cuir litir (gan a bheith níos faide ná 2 leathanach) ag leagan amach na cúiseanna go bhfuil spéis agat sa deis seo agus an chaoi a bhfuil do scileanna agus do thaithí comhoiriúnach do riachtanais an phoist, chuig hr@artscouncil.ie. Déan curriculum vitae (C.V.) cuimsitheach a cheangal ina léirítear go soiléir do chuid éachtaí agus taithí ábhartha i do ghairm bheatha go dtí seo.
Is ionann an spriocdháta le haghaidh iarratais a fháil agus Dé hAoine 10 Lúnasa 2012.
Táthar ag súil go mbeidh na hagallaimh don phost seo ar siúl i rith na seachtaine dar tús an 20 Lúnasa 2008.
Modhanna roghnúcháin
D’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith san áireamh:
- iarrthóirí a chur ar ghearrliosta de réir na faisnéise atá cuimsithe ina n-iarratas d’fhonn liosta na n-iarrthóirí a laghdú go líon níos soláimhsithe le haghaidh agallaimh
agallamh (ar féidir láithreoireacht ón iarrthóir a bheith san áireamh leis nó gan a bheith san áireamh)
- ceistiúchán pearsantachta síciméadrach a chomhlánú
- dara agallamh ar féidir láithreoireacht nó cleachtadh eile a bheith san áireamh leis.
Sa chás go mbainfear úsáid as cleachtadh gearrliostaithe, déanfaidh bord roghnúcháin saineolaithe iniúchadh ar na hiarratais agus déanfar iad a mheasúnú i gcoinne critéar réamh-mheasta, bunaithe ar riachtanais an phoist. Dá réir sin, tá sé chun do leasa féin tuairisc mhionsonraithe agus chruinn a thabhairt ar do CV i dtaobh do cháilíochtaí agus do thaithí.
Míochaine & slándáil
Tharlódh go mbeidh ar iarrthóirí a ndéantar breithniú orthu le haghaidh an cheapacháin scrúdú míochaine réamhfhostaíochta a dhéanamh mar aon le Grinnfhiosrúchán Garda, lena mbainfidh saincheisteanna maidir le Leas agus Cosaint Leanaí freisin.
Teistiméireachtaí
Réiteodh sé linn dá dtosófá ag machnamh ar ainmneacha na ndaoine a bheadh ina moltóirí oiriúnacha dar leat dá rachaimis i dteagmháil leo (2 - 3 ainm agus sonraí teagmhála). Ní gá go mbeadh d’fhostóir reatha san áireamh leis na moltóirí atá liostaithe anseo, ach ba cheart go mbeadh sé/sí ábalta teistiméireacht a chur ar fáil i do leith. Bí cinnte nach ndéanfaimid na sonraí a bhailiú ná teagmháil leis na moltóirí ach amháin má tá breithniú á dhéanamh ort i leith ceapacháin.
Fiosrúcháin/Tuilleadh faisnéise
Má tá tuilleadh faisnéise de dhíth ort nó má theastaíonn uait plé faoi rún a shocrú maidir leis an deis seo, cuir ríomhtheachtaireacht chuig hr@artscouncil.ie
Rúndacht
Faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 1997 agus 2003, pléifear le hiarratais faoi lándiscréid.
Ná bíodh amhras ort ach go bpléifear le gach fiosrúchán, le gach iarratas agus le gach gné de na nósanna imeachta faoi lándiscréid gan iad a nochtadh d’aon duine ach amháin dóibh siúd atá bainteach go díreach leis an bpróiseas earcaíochta.