Tá Louise Donlon ina Bainisteoir ar Amharclann an Lime Tree i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach. Is as Maigh Dumha i gContae Longfoirt di agus tá céim BA aici i gCeol agus Stair mar aon le Dioplóma i Riarachán Ealaíon agus Céim Mháistreachta i Riarachán Poiblí. Mhúin Louise ceol i gCaisleán an Bharraigh sular thosaigh sí ag déanamh staidéir ar riarachán ealaíon sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.
D’oibrigh Louise i Lárionad Ealaíon na Cathrach i mBaile Átha Cliath go luath sna 1990í agus sa Chomhairle Ealaíon agus chaith sí trí bliana ina dhiaidh sin i Luimneach mar riarthóir ar an Island Theatre Company. D'aistrigh sí go Gaillimh in 1996 le bheith ina bainisteoir ginearálta ar an Druid Theatre Company.
Ó 1999 go dtí 2012, bhí sí ina Stiúrthóir ar Ionad Ealaíon Dhún Másc, ionad ildisciplíneach ealaíon i bPort Laoise. Bhí sí ar dhuine de bhunaitheoirí Nasc. Is líonra amharclann réigiúnach é seo a bunaíodh chun saothair ardchaighdeáin a chur ar thuras ar fud na réigiún.