Ceapadh Caroline Senior mar Stiúrthóir Ealaíne in Ionad Ealaíon Lána Gairtéir, Port Láirge agus tá an post sin aici ó 1999 i leith. Bhí sí gníomhach i bhforbairt Seachtain Nuacheoil Phort Láirge, Féile John Roberts Phort Láirge agus na féile sprOg, féile réamh-Spraoi le haghaidh leanaí. Bhí sí ina bainisteoir tionscadail ar an athfhorbairt €1.5 milliún a rinneadh ar Amharclann Lána Gairtéir le cistiú a fuarthas ó chlár caipitil ealaíon na Roinne Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta agus ó Chomhairle Cathrach Phort Láirge.
Is as Baile Átha Cliath di ó dhúchas agus bhain sí amach Céim in Oideachas Ceoil ó Choláiste na Tríonóide in 1990. Mhúin sí i gColáiste Alexandra agus i Scoil Cheoil Chill Chainnigh ina dhiaidh sin.
Bhí sí ag seinm gach bliain ó 1998 go 2003 ag na Ceardlanna Oiliúna Gairmiúla a bhunaigh Robert Shaw, nach maireann, ag Carnegie Hall. Bhí sí ina Bainisteoir Tionscadail ag Cumann Náisiúnta na gCór roimhe sin agus ina ball deonach de Bhord Amnesty International (brainse na hÉireann) agus ba chomhordaitheoir tionscadal í ar a n-imeachtaí ealaíon. Tá sí ina ball de Chomhpháirtíocht na hÉireann agus Thalamh an Éisc faoi láthair.
Dáta ceapacháin: 19 Nollaig 2008
Fad seilbh oifige: 5 bliana