An Dr Éimear O’Connor

Photograph of Dr Eimear O'Connor

Fuair An Dr Éimear O’Connor HRHA a PhD ó Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath agus is staraí ealaíne í atá ina speisialtóir ar ealaín na hÉireann. Tá roinnt gradaim acadúla faighte aici mar gheall ar a cuid oibre: Scoláire PhD ag Institiúid Daonnachtaí na hÉireann, Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath; Ánra Taighde ag TRIARC-Ionad Taighde Ealaíne na hÉireann, Coláiste na Tríonóide, BÁC agus an ceann is déanaí acu, Ánra Taighde Iardhochtúireachta ag TRIARC-Ionad Taighde Ealaíne na hÉireann, Coláiste na Tríonóide. Moladh mar Chomhlach Taighde í le Roinn Stair na hEalaíne agus na hAiltireachta i gColáiste na Tríonóide.

Toghadh O’Connor ina Comhalta Oinigh den Acadamh Ibernach Ríoga sa bhliain 2010 as méid atá déanta aici ar son na n-ealaíon in Éirinn. Tá léachtaí tugtha aici in institiúidí cultúrtha agus acadúla in Éirinn agus i Meiriceá ar chultúr amhairc na hÉireann, agus tá sí ina heagarthóir ar leabhair, ailt agus léirmheasanna a bhfuil ealaín agus ealaíontóir na hÉireann mar ábhar acu.

Tá taithí fhairsing aici i saol na n ealaíon in Éirinn mar choimeádaí agus mar ealaíontóir gairmiúil a bhfuil saothar curtha ar taispeáint aici in Éirinn, i Meiriceá agus sa Danmhairg.

The Council Room GA
arrow bullet iconSeomra na Comhairle, 70 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2.
Cad atá nua
» Breis nuachta
»RSS | Céard é seo?
Foilseacháin le déanaí
09 Aibreán 2013: Arts Council Prompt Payments Report January-March 2013 (PDF, )
09 Eanáir 2013: Title (GA) (PDF, )
14 Nollaig 2012: Review of theatrical presentations of curriculum plays for second-level school audiences (PDF, 3.30 MB)