Tá Mark O’Regan ina aisteoir gairmiúil le beagnach tríocha bliain anuas. Tá baint aige le fada le hamharclanna na Mainistreach agus an Gheata i mBaile Átha Cliath. I measc na saothar uaidh d’Amharclann na Mainistreach tá: Observe the Sons of Ulster Marching Towards the Somme; Juno and the Paycock; The Plough and the Stars agus The School for Scandal. In Amharclann an Gheata, bhí páirt aige sna drámaí seo a leanas, i measc cinn eile: Fathers and Sons; Sharon’s Grave; Festen; Sweeney Todd; The Old Curiosity Shop agus All My Sons.
Bhí sé le feiceáil in Borstal Boy; Translations agus The Field in amharclann an Gaiety. Tá obair déanta aige don Everyman agus don Áras Ceoldrámaíochta i gCorcaigh; ag Féile Ealaíon na Gaillimhe agus in Amharclann na nEalaíon i mBéal Feirste.
Agus é i mbun saothair thar lear, tá cuairt tugtha aige ar Dhún Éideann, ar an tSeapáin, ar Nua-Eabhrac agus ar Montréal.
I measc na mórpháirteanna a bhí aige ar theilifís agus i scannáin, bhí páirteanna in The Commitments; Upwardly Mobile; Black Day at Blackrock; Into the West; The Last of the High Kings agus Angela’s Ashes. Déanann Mark léirmheasanna ar scannáin ar an Marian Finucane Show ar RTÉ 1 freisin.
Dáta ceapacháin: 13 Meán Fómhair 2011
Fad seilbh oifige: 5 bliana