Reáchtálfaidh an Chomhairle Ealaíon CLINICÍ FAISNÉISE I LEITH FÉILTE i dtrí láthair éagsúla in Éirinn le linn mhí Aibreáin. Cuirfear faisnéis ar fáil ag na clinicí sin faoi na scéimeanna maoinithe agus na tacaíochtaí a bheidh ar fáil d’fhéilte in 2019 agus in 2020. Roinnfear sonraí faoin mbealach a bhfaightear iasacht ó Bhailiúchán naComhairle Ealaíon le linn na seisiún faisnéise freisin, agus beidh cur i láthair iontu ó cheann de na trí eagraíocht náisiúnta a chuireann tacaíochtaí ar fáil d’fhéilte. Beidh deis ag láithreoirí ceisteanna a chur le linn an imeachta chomh maith.
Tá na clinicí seo saor in aisce agus tá siad ar fáil ar bhonn tús freastail ar an gceann is túisce. Is gá áit a chur in áirithe.
Civic Theatre - Belgard Square East, Tallaght, Dublin 24. Deárdaoin 11 Aibreán, 1pm - 4pm civictheatre.ie/whats-on/festivals-information-clinic-arts-council-ireland/
Dance Limerick - 1-2 John's Square, Limerick. Dé Sathairn 13 Aibreán, 1pm - 4pm dancelimerick.yapsody.com/event/book/384301/5381831
Everyman - 15 MacCurtain Street, Cork. Dé hAoine 26 Aibreán, 1pm - 4pm everymancork.com/2019/03/festivals-information-clinic-arts-council-ireland/
Beidh na clinicí ar siúl óna 1–4 pm san fhormáid seo a leanas:
- 1.00 pm: Réamhrá
- 1.10 pm: Cur i láthair ar Thacaíochtaí Maoinithe d’Fhéilte (Karl Wallace, Ceann na bhFéilte, an Chomhairle Ealaíon)
- 1.30 pm: Conas Iasacht a Fhail ó Bhailiúchán na Comhairle Ealaíon (Ben Mulligan/Eamonn Maxwell Foireann Bailiúchán Amharc-Ealaíon na Comhairle Ealaíon)
- 2.00 pm: Aoichainteoir (Féach na dátaí thíos chun próifíl a fháil ar na cainteoirí agus ar na hábhair a bheidh á bplé acu)
- 2.30 pm: Seisiún Ceisteanna & Freagraí agus buail le féilte
- 3.30-4.00 pm: críoch.
Clinic Faisnéise, leis na hAoichainteoirí seo a leanas:
Déardaoin, 11 Aibreán Civic Theatre, Cearnóg Belgard Thoir, Tamhlacht, Baile Átha Cliath 24
(Aoichainteoir – Stuart Garland, Obair DheonachÉireann)
Tá go leor taithí ag Obair Dheonach Éireann ar oibriú le raon leathan féilte náisiúnta agus réigiúnacha ar fud na tíre. Fiosróidh siad gnéithe bunúsacha a bhaineann le bainistíocht oibrithe deonacha, conas a bhaintear an leas is mó astu agus conas a aimsítear iad.
Dé Sathairn, 13 Aibreán Dance Limerick, 1-2 Cearnóg Eoin, Luimneach
(Aoichainteoir – Colin Hindle, Fáilte Éireann)
Tabharfaidh Colin Hindle, ó Fháilte Éireann, léargas ginearálta ar an obair a dhéanann Fáilte Éireann le féilte. Áirítear leis sin maoiniú, forbairt féile agus pléifear na féilte a chomh-chruthaigh Fáilte Éireann chomh maith.
Dé hAoine, 26 Aibreán The Everyman, 15 Sráid Mhic Curtáin, Corcaigh
(Aoichainteoir – Lucy Medlycott, ISACS)
Roinnfidh Lucy Medlycott, Stiúrthóir Líonra Ealaíon Sráide, Sorcais agus Taibhléirithe na hÉireann, a léargas agus roinnt leideanna linn maidir leis an luach agus an tábhacht a bhaineann le healaín a chur i láthair i spás poiblí agus na bealaí a bhfuil na foirmeacha ealaíon seo fréamhaithe i rannpháirtíocht phoiblí, i bhfreagairt agus san athrú.
Téigh i dteagmháil le fisclinic@artscouncil.ie le haghaidh tuilleadh eolais.