Ceann de na príomh-thiomantais a bhí inár bplean trí bliana 2016-2019 faoinár straitéis deich mbliana Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh is ea go dtabharfaimis faoi athbhreithniú ar gach ceann dár gcláir maoinithe, scéimeanna agus tionscnaimh, lena chinntiú go dtacaíonn ár gcinntí maoinithe le soláthar ár dtosaíochtaí straitéiseacha. Tá sé beartaithe leis an obair seo príomhshruthú a dhéanamh ar na tacaíochtaí atá ar fáil d'ealaíontóirí agus d'eagraíochtaí ealaíon, agus ár bpróisis iarratais, measúnaithe agus cinnteoireachta a shimpliú agus a shoiléiriú
Beimid ag cur na gcatagóirí agus na gclár nua maoinithe i láthair ag seisiúin faisnéise maidine. Beidh na seisiúin faisnéise sin saor in aisce, ach toisc go bhfuil an spás teoranta beidh ticéad de dhíth. Chun ticéad a chur in áirithe, cliceáil:
Seisiúin Faisnéise
- Corcaigh 11:00–12:30 Déardaoin an 6 Iúil, Clayton Hotel, Lapps Quay,
- BÁC 11:00–12:30 agus 14:00-15:30 Dé hAoine an 7 Iúil, Project Arts Centre,
- Sligeach 11:30–13:00 Dé Luain 10 Iúil, The Model, .