Nuacht

Téigh i dteagmháil le

Joe Stuart
Bainisteoir Cothaithe agus Comhordaithe na nEalaíon
Tel: 01 6180235

 

08 Bealtaine 2012: Niamh Sharkey fógartha mar Laureate na nÓg

D’fhógair an tUachtarán Mícheál D. Ó hUiginn gurb í an t-údar agus an maisitheoir Niamh Sharkey Laureate na nÓg, laureate na hÉireann le haghaidh litríochta do leanaí, agus bhronn sé bonn Laureate na nÓg uirthi ag imeacht speisialta ag an gComhairle Ealaíon.


25 Aibreán 2012: Aiféala ar an gComhairle Ealaíon faoi bhás Louis le Brocquy

Tá aiféala curtha in iúl ag an gComhairle Ealaíon ar chloisteáil dóibh faoi bhás Louis le Brocquy, ball d’Aosdána, a d’éag inniu.


23 Aibreán 2012: Toghann Aosdána 3 chomhalta nua ag a Chomhthionól Ginearálta

Thogh Aosdána, an meitheal ealaíontóirí cruthaitheacha in Éirinn, 3 chomhalta nua ag a Chomhthionól Ginearálta ag an Ospidéal Ríoga i gCill Mhaighneann inniu. Tá ballraíocht iomlán 247 duine in Aosdána anois. Is iad Frances Hegarty, Patrick McCabe, agus Tommy Peoples na daoine a toghadh.


31 Márta 2012: Is cúis mhéala don Chomhairle Ealaíon bás Mike Diskin

Tá aiféala curtha in iúl ag an gComhairle Ealaíon ar chloisteáil dóibh faoi bhás Mike Diskin, Stiúrthóir Amharclann Halla na Cathrach i nGaillimh.


29 Márta 2012: Is oth leis an gComhairle Ealaíon bás John Arden, ball d’Aosdána

Is oth go mór leis an gComhairle Ealaíon go bhfuil John Arden, drámadóir, agus ball d’Aosdána ar shlí na fírinne.


23 Márta 2012: Tugann Scéalta ó Chartlann na Comhairle Ealaíon léargas ar na 1960í

Tá deich scéal bhreise á bhfoilsiú inniu ag an gComhairle Ealaíon ar shuíomh Gréasáin a cartlainne - tionscnamh a seoladh le linn an fhómhair chun ceiliúradh a dhéanamh ar chomóradh 60 bliain na Comhairle Ealaíon.


06 Márta 2012: Dámhachtainí Tionscadail na Comhairle Ealaíon - Clinicí faisnéise

Is é spriocdháta an chéad bhabhta eile de Dhámhachtainí Tionscadail na Comhairle Ealaíon ná Déardaoin, an 29 Márta, 2012 ag 5.30 i.n. Reáchtálfaidh an Chomhairle Ealaíon roinnt clinicí faisnéise roimh an spriocdháta sin chun comhairle agus faisnéis faoin bpróiseas iarratais a chur ar fáil.


23 Feabhra 2012: FÓGRAÍTEAR COIMISINÉIR AGUS COIMEÁDAÍ DO BIENNALE AILTIREACHTA NA VEINÉISE 2012

Tá ríméad ar Cultúr Éireann, i gcomhpháirt leis an gComhairle Ealaíon, a fhógairt gur ceapadh an fhoireann a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann na hÉireann ag an Biennale Ailtireachta sa Veinéis.


22 Feabhra 2012: Cuireann an Chomhairle Ealaíon fáilte roimh aistriú cuid de bhailiúchán ealaíne AIB chuig an Stát

Chuir an Chomhairle Ealaíon fáilte roimh an bhfógra inniu go bhfuil tríocha a naoi píosa de bhailiúchán suntasach AIB á n-aistriú go dtí an Stát.


03 Feabhra 2012: An Chomhairle Ealaíon/Clár Ceannaireachta Clore: Glaoch ar Iarratais le haghaidh Gearrchúrsaí

Mar chuid dá comhpháirtíocht leanúnach leis an gClár Ceannaireachta Clore, is mór leis an gComhairle Ealaíon a fhógairt go gcuirfidh sí sparánachtaí ar fáil le haghaidh suas le cúig áit ar Ghearrchúrsaí Ceannaireachta Clore in 2012.


Head 293, (ola ar chanbás) - Louis le Brocquy, 1971, Bailiúchán na Comhairle Ealaíon - dánlann fhíorúil.
arrow bullet iconHead 293, (ola ar chanbás) - Louis le Brocquy, 1971, Bailiúchán na Comhairle Ealaíon - dánlann fhíorúil.
Foilseacháin le déanaí
18 Aibreán 2012: Title (GA) (DOC, )
10 Eanáir 2012: Arts Council prompt payment report (PDF, 0.46 MB)
19 Nollaig 2011: Beartas Ceoldrámaíochta (DOC, 0.04 MB)