Tá an Chomhairle Ealaíon tar éis fógairt go bhfuil an tréimhse iarratais oscailte anois i gcomhair Chomhaltacht Jerome Hynes. Tá sé mar aidhm ag an dámhachtain seo cabhair a thabhairt chun ceannairí cultúrtha den scoth a fhorbairt d'Éirinn.
Tionscnamh de chuid Chlár Ceannaireachta Clore atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe í an Chomhaltacht, agus meallann sí timpeall cúig dhuine is fiche gach bliain, daoine eisceachtúla a bhfuil sé de chumas acu ról suntasach a bheith acu maidir le réimse leathan gníomhaíochtaí cultúrtha. Gheobhaidh an t-iarrthóir rathúil coibhéis de sparánacht £15,000 steirling sa bhreis ar bhuiséad oiliúna £7,500 steirling do na costais a bhaineann lena c(h)lár forbartha aonair.
Gabhfaidh buaiteoir Chomhaltacht Jerome Hynes i gceann na coda is mó dá c(h)lár thar thréimhse seacht mí idir Eanáir agus Iúil 2014, mar aon le cúrsa cónaitheach tosaigh ceannaireachta a bheidh ar siúl i Meán Fómhair 2013 agus seachtain ceardlann saincheaptha a bheidh ar siúl i Londain i Nollaig 2013. Glacfaidh comhaltaí tréimhse thart ar ocht mí san iomlán óna gcuid oibre le díriú ar an gclár.
Áirítear le struchtúr an chláir:
- dhá chúrsa chónaitheacha ceannaireachta
- socrúchán trí-mhí chun taithí phraiticiúil a fháil in eagraíocht chultúrtha
- deiseanna foghlama saincheaptha
- oiliúint, meantóireacht agus cóitseáil a roghnóidh an duine féin.
Seo a leanas na daoine a fuair an dámhachtain roimhe seo: Jo Mangan, Stiúrthóir, Performance Corporation; Willie White, Stiúrthóir Ealaíne agus Príomhfheidhmeannach Fhéile Drámaíochta Bhaile Átha Cliath; Sharon Murphy, Bainisteoir Ealaíon agus Cleachtóir Téatair; Fiona Kearney, Stiúrthóir Dhánlann Lewis Glucksman i gCorcaigh agus Fearghus Ó Conchúir, rinceoir agus córagrafaí.
Is é an spriocdháta i gcomhair iarratas le haghaidh Chomhaltacht Jerome Hynes ar Chlár Ceannaireachta Clore ná 5:30 i.n., 22 Feabhra 2013. Fógrófar ainm Chomhalta na bliana 2013/14 i Meitheamh 2013.
Tuilleadh faisnéise
Chun tuilleadh faisnéise agus foirm iarratais ar líne a fháil, téigh chuig: www.cloreleadership.org.