29 Lúnasa 2012: Tréaslaíonn an Chomhairle Ealaíon le Grafton Architects as an dámhachtain Silver Lion a bhuachan

Tréaslaíonn an Chomhairle Ealaíon le Grafton Architects (Yvonne Farrell agus Shelley McNamara) as an dámhachtain Silver Lion do Chleachtadh Is Mó Gealladh a bhuachan ag Biennale Ailtireachta na Veinéise 2012. Rinne an Coimeádaí ginearálta, David Chipperfield, an fógra ar maidin ag an Searmanas Dámhachtainí sa Veinéis. Glactar leis go forleathan gurb é Biennale na Veinéise an taispeántas ailtireachta is tábhachtaí ar domhan.
 

Thug David Chipperfield cuireadh do Grafton Architects páirt a ghlacadh sa phríomhthaispeántas coimeádaithe, Common Ground. Bhí 119 rannpháirtí, ar tugadh cuireadh dóibh, ó áiteanna ar fud an domhain sa taispeántas. Tá cur i láthair Grafton Architects bunaithe ar a léargas ar shaothar Paulo Mendes da Rocha agus ar an gcaoi a léirítear é sin i bhforbairt a bhfoirgnimh ollscoile a buadh le déanaí i Líoma, Peiriú. D’oibrigh na hailtirí i gcomhar leis an ealaíontóir Éireannach, Eileen McDonagh, chomh maith.
 
Dúirt Orlaith McBride, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon: "Léiríonn an Dámhachtain seo do Grafton Architects an meas atá ar ailtireacht Éireannach go hidirnáisiúnta faoi láthair. Cuireann an taispeántas féin saothar an chleachtaidh féin, go háirithe an ollscoil i Líoma, i gcomhthéacs shaothar chleachtóir idirnáisiúnta eile, ag tabhairt le chéile peirspictíocht idirnáisiúnta fhairsing agus íogaireacht d’áit agus do cheantar a chuirtear in iúl go hiontach".
 
Is ceann den chúig chleachtadh ailtireachta atá ag léiriú ag biennale na bliana seo iad Grafton Architects, lena n-áirítear léiriú náisiúnta na hÉireann ar shaothar ailtirí heneghan peng.

Is comhaltaí Aosdána iad Yvonne Farrell agus Shelley McNamara araon.
 
Beidh an 13ú Biennale Ailtireachta Idirnáisiúnta ar siúl sa Veinéis ó 29 Lúnasa - 25 Samhain 2012

Desert Rose, (ola ar chlár) - Colin Middleton, 1975, Bailiúchán na Comhairle Ealaíon - dánlann fhíorúil.
arrow bullet iconDesert Rose, (ola ar chlár) - Colin Middleton, 1975, Bailiúchán na Comhairle Ealaíon - dánlann fhíorúil.
Foilseacháin le déanaí
15 Aibreán 2014: Irish Arts Sector - Private Investment Report (PDF, 1.16 MB)
10 Aibreán 2014: Tuarascáil Pras Íocaíocht 2014 (ráithe 1) (PDF, 0.46 MB)
07 Aibreán 2014: Annual report/An tuarascáil bhliantúil 2012 (PDF, 1.97 MB)