17 Aibreán 2013: Tá uasghrádú déanta ar Culturefox!

Tá snas curtha ar Culturefox, treoir shaor in aisce na Comhairle Ealaíon d’imeachtaí cultúrtha na hÉireann, le seachtainí beaga anuas - tá an aip uasghrádaithe againn ionas go mbeidh sí níos úsáidí fós.

As seo amach, is féidir leat do chuid liostaí imeachtaí a bheachtú leis an ngné nua ‘cuardaigh de réir dáta' - níl le déanamh agat ach an lá nó na laethanta a roghnú, agus, mar shampla, an láthair... agus beidh do chuid imeachtaí le feiceáil. Áis luachmhar is ea an ghné nua sin cheana féin dóibh siúd atá gnóthach, ar breá leo na healaíona, agus ar mian leo an úsáid is fearr a bhaint as a gcuid ama, go háirithe agus iad ag taisteal in Éirinn.

Beidh an t-athrú úsáideach freisin do thurasóirí a thabharfaidh cuairt ghearr ar áiteanna in Éirinn - agus d'ealaíontóirí agus d'eagraíochtaí ealaíon ar mian leo tuilleadh daoine a mhealladh lena gcuid saothar.

Oibríonn an ghné nua ar an aip iPhone nó an aip android, nó ar ghnáth-bhrabhsálaí d’fhóin chliste.

Seoladh Culturefox, atá ar fáil ar ríomhairí deisce agus ar ríomhairí glúine freisin - www.culturefox.ie - in 2011 agus tá cáil air cheana féin mar lárionad faisnéise maidir le taispeántais, léirithe, músaeim agus imeachtaí ealaíon in Éirinn.

Desert Rose, (ola ar chlár) - Colin Middleton, 1975, Bailiúchán na Comhairle Ealaíon - dánlann fhíorúil.
arrow bullet iconDesert Rose, (ola ar chlár) - Colin Middleton, 1975, Bailiúchán na Comhairle Ealaíon - dánlann fhíorúil.
Foilseacháin le déanaí
15 Aibreán 2014: Irish Arts Sector - Private Investment Report (PDF, 1.16 MB)
10 Aibreán 2014: Tuarascáil Pras Íocaíocht 2014 (ráithe 1) (PDF, 0.46 MB)
07 Aibreán 2014: Annual report/An tuarascáil bhliantúil 2012 (PDF, 1.97 MB)