Is oth leis an gComhairle Ealaíon cloisteáil faoi bhás an scríbhneora Maeve Binchy.
Ag labhairt di inniu, dúirt Pat Moylan, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, "Is annamh a chasfaí scéalaí mar Maeve Binchy ort agus chuaigh a saothar i gcion ar lucht leanúna thar cuimse, in Éirinn agus thar lear, agus déanfaidh sé amhlaidh ar feadh blianta fada amach anseo. Bhí a saothar ceannródaíoch sa tslí ar chaith sí le mná ina cuid scéalta agus ina cuid próis, a bhí soléite i gcónaí, chuaigh sí i ngleic le ceisteanna móra faoi shaol agus faoi chultúr na hÉireann, mar a bhí agus mar atá. Thug sí tacaíocht leanúnach agus fhlaithiúil do thallann nua liteartha, ní féidir beag is fiú a dhéanamh den tionchar a bheidh aici ar ghlúin scríbhneoirí Éireannacha amach anseo. Déanaimid comhbhrón lena fear céile Gordon Snell."