Tá a brón curtha in iúl ag an gComhairle Ealaíon ar chloisteáil faoi bhás William McKeown, ball d’Aosdána, a d’éag Dé Máirt 25 Deireadh Fómhair 2011.
Ag labhairt di inniu dúirt Orlaith McBride, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon: "Bhí William ina chuid de ghlún nua ealaíontóirí óga na hÉireann. Taispeáin a shaothar péintéireachta shrian, solúbthacht agus teagmháil an-éadrom ach ag an am céanna cuireann na saothair iad féin inár láthair ar bhealach an-chumasach. Is dona linn go mór a imeacht."
Rugadh William i gContae Thír Eoghain ach tháinig sé aneas thar teorainn áit ar oibrigh sé mar ealaíontóir ó 1988 i leith. Bhain sé amach céim MA sa Mhínealaín in Ollscoil Uladh i 1994 tar éis dó céim MA i nDearadh a bhaint amach i Scoil Ealaíne Ghlaschú i 1987. I measc na dtaispeántas a bhí aige bhí ‘a certain distance, endless light’ in éineacht le Felix Gonzalez-Torres, Middlesbrough Institute of Modern Art, 2010; taispeántas forleathan aonair in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann, 2008; 51ú Biennale na Veinéise, 2005; ‘The Bright World’, san Golden Thread Gallery, Béal Feirste, 2004; Project Gallery, Baile Átha Cliath, 2004; ‘The Sky Begins At Our Feet’, Ormeau Baths Gallery, Béal Feirste, 2002; ‘In an open room’, san Douglas Hyde Gallery, Baile Átha Cliath, 2001 agus le déanaí, 'The Waiting Room', i nDánlann Bhaile Átha Cliath, Hugh Lane, 2011.