Is oth go mór leis an gComhairle Ealaíon go bhfuil John Arden, drámadóir, agus ball d’Aosdána ar shlí na fírinne.
Bhí John ina dhrámadóir, ina úrscéalaí agus ina fhear léinn a chuir le saol an téatair agus na litríochta ar feadh trí scór bliain.
Bhí a chuid saothair le haghaidh an stáitse, an raidió agus a chuid saothair fhoilsithe dúshlánach i gcónaí, ach ag an am céanna bhí an amhránaíocht agus an greann le sonrú go minic ann. Bhí cúrsaí polaitíochta agus sóisialta fite fuaite lena chuid saothar i gcónaí agus fiú sa lá atá inniu ann tá tábhacht ollmhór ag baint le cuid dá sheansaothair.
Déanann an Chomhairle Ealaíon comhbhrón ó chroí lena bhean chéile agus lena leathbhádóir ealaíne (Margaretta D’Arcy) agus lena gclann.