Dámhachtainí Tionscadail na Comhairle Ealaíon - Clinicí faisnéise i gCorcaigh, i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh
Is é spriocdháta an chéad bhabhta eile de Dhámhachtainí Tionscadail na Comhairle Ealaíon ná Déardaoin, an 29 Márta, 2012 ag 5.30 i.n.
Reáchtálfaidh an Chomhairle Ealaíon roinnt clinicí faisnéise roimh an spriocdháta sin chun comhairle agus faisnéis faoin bpróiseas iarratais a chur ar fáil.
Reáchtálfar clinic faisnéise amháin i mBaile Átha Cliath, Corcaigh, agus Gaillimh ar na dátaí agus ag na hamanna seo a leanas:
| Dáta | Am | Ionad Tionóil |
|---|
| Corcaigh | Dé Luain, an 12 Márta | 11.00 - 13.00 | TriskelChristchurch An Phríomhshráid Theas, Corcaigh
|
| Baile Átha Cliath | Dé hAoine, an 16 Márta | 11.00 - 13.00 | Smock Alley Theatre, Sráid an Mhalartáin Íochtarach, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath |
| Gaillimh | Dé Máirt, an 20 Márta | 11.00 - 13.00 | Nuns Island Theatre, 23 Oileán Ealtanach, Gaillimh |
Tá fáilte roimh ealaíontóirí agus eagraíochtaí ó gach foirm ealaíne agus cleachtas ealaíne atá i dteideal iarratas a dhéanamh ar an dámhachtain freastal ar na clinicí. Ní gá áiteanna a chur in áirithe. Déileálfar leis na topaicí seo a leanas i ngach aon chlinic:
- Suíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne a úsáid
- Aidhm na ndámhachtainí tionscadail
- Incháilitheacht
- An fhoirm iarratais a chomhlánú
- Buiséid
- Ábhar tacaíochta riachtanach
- An próiseas measúnaithe
- Botúin choitianta a chaithfear a sheachaint
- Ceisteanna agus freagraí
Tá na dámhachtainí tionscadail seo a leanas á dtairiscint ag an gComhairle Ealaíon, agus is é an 29 Márta 2012 an spriocdháta:-
Féach an rannán maidir le maoiniú atá ar fáil ar shuíomh Gréasáin na Comhairle Ealaíon chun tuilleadh faisnéise a fháil ar gach ceann de na dámhachtainí thuasluaite. Ní mór d’iarratasóirí clárú agus a n-iarratas a chur isteach ar líne ar suíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne de chuid na Comhairle Ealaíon.
Má bhíonn aon cheist agat maidir leis na clinicí faisnéise, téigh i dteagmháil le catherine.boothman@artscouncil.ie