Maidir linne
Joe StuartBainisteoir Cothaithe agus Comhordaithe na nEalaíonTel: 01 6180235
Seoladh ionadaíocht na hÉireann ag an 55ú Biennale Ealaíne de chuid na Veinéise ar an Déardaoin an 30 Bealtaine sa Veinéis.
Tá comhghairdeas déanta ag an gComhairle Ealaíon leis an scríbhneoir Éireannach Kevin Barry, ar chloisteáil di gur bronnadh Duais Litríochta IMPAC Bhaile Átha Cliath 2013 air.
Tá taispeántas chun ceiliúradh a dhéanamh ar fhilleadh ionadaíocht na hÉireann ag Biennale Ailtireachta na Veinéise 2012 oscailte i bhFoirgneamh CHQ Bhaile Átha Cliath sna Dugthailte.
Beidh lucht freastail na bhféilte, mar aon le turasóirí agus gnólachtaí ar fud na hÉireann, ag baint leasa i mbliana as tuilleadh tacaíochta ón gComhairle Ealaíon chun scoth na siamsaíochta agus na n-ealaíon a chur i láthair ag féilte ar fud na tíre.
Is mian leis an gComhairle Ealaíon leas a bhaint as seirbhísí Comhairleora Ceoil chun freastal ar riachtanais na heagraíochta ó thaobh na cáilíochta agus ó thaobh seachadta seirbhíse araon. Cleachtóir cleachta ceoil a bheidh sa táirgeoir rathúil, a bhfuil an saineolas agus an taithí aige nó aici atá riachtanach chun a bheith ag obair le baill foirne na Comhairle Ealaíon trí chabhair a thabhairt dóibh i ndáil le measúnú a dhéanamh ar iarratais ar mhaoiniú agus comhairle chriticiúil a sholáthar faoi shaothair ealaíne.
Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon a fhógairt gur sheol Ruairí Quinn TD, an tAire Oideachais agus Scileanna, an Tionscnamh Náisiúnta Ailtirí sna Scoileanna inniu. Beidh an Scéim á reáchtáil ag Foras Ailtireachta na hÉireann.
- Toghann an Tionól Ginearálta triúr comhaltaí nua - Tá dlúthcheangal idir Éire agus an chuid eile den Eoraip maidir le cúrsaí ealaíon le níos mó ná 2,000 bliain anuas, agus is mór an fiúntas a bhaineann leis an idirmhalartú ealaíon céanna sin go fóill sa lá atá inniu ann, a dúradh le Tionól Ginearálta Aosdána in Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann i mBaile Átha Cliath inniu
Tá snas curtha ar Culturefox, treoir shaor in aisce na Comhairle Ealaíon d’imeachtaí cultúrtha na hÉireann, le seachtainí beaga anuas - tá an aip uasghrádaithe againn ionas go mbeidh sí níos úsáidí fós.
Tá áthas orainn spriocdhátaí atá ag druidim linn a fhógairt maidir le trí scéim maoinithe i réimse an Téatair agus scéim amháin i réimse an Damhsa.
Tréaslaíonn an Chomhairle Ealaíon le Kevin Barry faoina ainm a bheith ar an ngearrliosta i gcomhair na duaise IMPAC Déanann an Chomhairle Ealaíon comhghairdeas ó chroí le Kevin Barry ar chloisteáil di go bhfuil an t-úrscéal dá chuid, City of Bohane, ar an ngearrliosta i gcomhair Dhuais Liteartha IMPAC Bhaile Átha Cliath 2013.