04 Deireadh Fómhair 2013: Léiríonn taighde nua na Comhairle Ealaíon gur thír ardchruthaitheach í Éire

Tá taighde nua scaoilte ag an gComhairle Ealaíon a léiríonn go bhfuil Éire gafa go mór leis na healaíona mar náisiún agus go gceanglaíonn an chuid is mó dhaoine na healaíona le mórthiomantóirí eacnamaíochta cosúil leis an turasóireacht agus le hinfheistíocht dhíreach eachtrach.
 
Comhthiteann an taighde nua, coimisiúnaithe ag an gComhairle Ealaíon agus faoi stiúir an RedC, le Fóram Eacnamaíoch Éireannaigh an Domhain ar siúl an deireadh seachtaine seo ina mbeidh rannóg tiomanta do na healaíona agus don chultúr.

I measc na dtorthaí a thángthas ar sa taighde:
 
. Tá móramh formhór den daonra (90%) a fheiceann ar Éirinn mar thír chruthaíoch, le comhréir chosúil (90%) a aontaíonn chomh maith go meallann an clú ealaíonta seo turasóirí go dtí an tír
. Deireann an móramh (84%) freisin go bhfuil an clú ag Éirinn do nuálacht agus do chruthaitheacht mar thosca na n-ealaíon
. Creideann breis is leath na ndaoine fásta (51%) chomh maith go bhfuil tionchar suntasach ag clú na hÉireann do na healaíona ar chinntí na n-ilnáisiúntach teacht go hÉirinn
. Tá Éire mar náisiún páirteach go mór sna healaíona, le beagnach gach duine ag idirghníomhú ar shlí éigin thar na 3 mhí atá caite
. Tá easpa rochtana ar acmhainn idirghníomhaithe sách ard a bheag nó a mhór freisin, le 2 as 5 theaghlach ag glacadh páirt i ngníomhaíochtaí ealaíon thar na trí mhí caite, le 1 as 3 ag dul go dráma, seó nó amharclann agus beagnach aon thrian ag tabhairt cuairt ar dhánlann nó ar thaispeántas
Ag labhairt di ar fhoilsiú na dtorthaí, dúirt Orlaith McBride, Stiúrthóir ar an gComhairle Ealaíon:
 
"Dearbhaíonn an taighde seo gur náisiún muidne a bhfuil an-mheas agus an-léirthuiscint againn ar na healaíona.  Seo rud éigin ar féidir linn bheith an-bhródúil as agus tá an acmhainn ann na tairbhí eacnamaíochta is sóisialta dúinn mar thír a scaoileadh.
 
Agus an Fóram Eacnamaíoch Éireannaigh an Domhain ag cruinniú le chéile an deireadh seachtaine seo chun plé a dhéanamh ar shlite nua chuig shaibhreas roinnte, creidim go mba cheart dúinn ár láidreachtaí a mheas agus fiafrú orainn féin conas is féidir linn an tairbhe is mó a bhaint as seo agus is féidir mar náisiún.  Réimse amháin a d’fhéadfaimís imbhualadh mór a dhéanamh ná na healaíona. Sa Saol Mór atá ag éirí níos domhanda de réir a chéile, is iad an chruthaitheacht agus an tsamhlaíocht ó dhúchas ag Éirinn a fhéadann bheith an difríocht. 
 
Tá geilleagar digiteach na hEorpa ag fás 7 n-uaire níos gasta ná an chuid eile den gheilleagar.  In Éirinn, tá na tionscail chruthaitheacha ag fostú breis is 79,000 daoine cheana féin agus ag cur €4.7bn leis an ngeilleagar gach bliain.  Ba cheart go bhfeicfear ar seo mar dheis don náisiún agus ceann a bhfuil ag tuilleamh breis infheistíochta. 
 
Má táimid chun tairbhe a bhaint as an deis seo, tá géarghá le cumas náisiúnta do chruthaitheacht.  Ní eascróidh an chruthaitheacht seo ach amháin as earnáil ealaíon beoga agus cabhróidh sé leis an ranníoc chun go mbeadh Éire mar cheannaire domhanda sa taighde agus forbairt, sa chluichíocht, sa teicneolaíocht agus i raon earnálacha eile.
 
Ní réiteach é go ndéanfaimid ollathrú orainn féin go hiomlán, ach go mbainfimid feidhm as ár mbuanna sa tslí is táirgiúla agus is féidir.  B’amhlaidh an cás le The Gathering, tuairim den scoth a d’eascair as an bhFóram Eacnamaíoch Éireannaigh an Domhain sa bhliain 2011.  Creidim go bhfuil acmhainn den chosúlacht sin ag na healaíona agus is léir ó thorthaí ár dtaighde is déanaí go gcreideann formhór an daonra an rud céanna. "

Desert Rose, (ola ar chlár) - Colin Middleton, 1975, Bailiúchán na Comhairle Ealaíon - dánlann fhíorúil.
arrow bullet iconDesert Rose, (ola ar chlár) - Colin Middleton, 1975, Bailiúchán na Comhairle Ealaíon - dánlann fhíorúil.
Foilseacháin le déanaí
15 Aibreán 2014: Irish Arts Sector - Private Investment Report (PDF, 1.16 MB)
10 Aibreán 2014: Tuarascáil Pras Íocaíocht 2014 (ráithe 1) (PDF, 0.46 MB)
07 Aibreán 2014: Annual report/An tuarascáil bhliantúil 2012 (PDF, 1.97 MB)