14 Feabhra 2013: An Dámhachtain um Léiriúchán Ceoldráma 2013 (Babhta 2)

Mar gheall ar imthosca gan choinne, tá babhta úr iarratas á lorg anois ag an gComhairle Ealaíon ar a Dámhachtain um Léiriúchán

Ceoldráma 2013 (Babhta 2). Tá an dámhachtain sin beartaithe chun tacú le ceoldrámaí príomhscála a léiriú agus a chur i láthair in 2013. Moltar d'iarratasóirí aird chúramach a thabhairt ar threoirlínte na scéime, ina leagtar amach cuspóir fhoriomlán na dámhachtana, na critéir ar a ndéanfar iarratais a mheasúnú agus conas mar is ceart iarratais agus faisnéis tacaíochta a chur isteach.

Is ionann an méid uasta a fhéadfar iarratas a dhéanamh ina leith sa bhabhta seo agus 360,000.

Is é an spriocdháta d'iarratais Dé Luain an 25 Márta ag 5:30 i.n. Táthar ag súil go ndéanfar na cinntí a chur in iúl i lár mhí Aibreáin 2013.

Tá faisnéis bhreise ar fáil ag http://www.artscouncil.ie/ga/view_fund.aspx?fid=4d0f260e-45e9-4332-9ff3-d82a8677aa16, mar aon le Foirm Iarratais ar féidir í a íoslódáil, treoirlínte d'iarratasóirí agus an teimpléad buiséid maidir leis an Dámhachtain um Léiriúchán Ceoldráma.

Desert Rose, (ola ar chlár) - Colin Middleton, 1975, Bailiúchán na Comhairle Ealaíon - dánlann fhíorúil.
arrow bullet iconDesert Rose, (ola ar chlár) - Colin Middleton, 1975, Bailiúchán na Comhairle Ealaíon - dánlann fhíorúil.
Foilseacháin le déanaí
12 Meitheamh 2013: Title (GA) (PDF, )
09 Aibreán 2013: Arts Council Prompt Payments Report January-March 2013 (PDF, )
09 Eanáir 2013: Title (GA) (PDF, )