Déanann an Chomhairle Ealaíon comhghairdeas le Colm Tóibín, ar bronnadh gradam PEN na hÉireann don Litríocht air
Dúirt Pat Moylan, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon: "Is iomaí bua atá ag Colm Tóibín mar scríbhneoir, agus tá áthas orm a chuid oibre a fheiceáil á ceiliúradh agus PEN na hÉireann a fheiceáil ag tabhairt onóra dó. Tá Colm ar dhuine de scríbhneoirí is cruthanta na tíre seo. D’oibrigh sé mar cholúnaí agus mar scríbhneoir gné-alt, mar eagarthóir agus mar léirmheastóir. Bhí agus tá an-tionchar aige ar scríbhneoireacht Éireannach agus idirnáisiúnta araon agus tá tacaíocht tugtha aige do scríbhneoirí agus d’ealaíontóirí eile maidir len iad féin a chur in iúl."