02 Meitheamh 2011: Osclaíonn an tAire Jimmy Deenihan, TD, taispeántas na hÉireann ag Biennale na Veinéise

Tá an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus na Gaeltachta, Jimmy Deenihan T.D., i Veinéis inniu chun taispeántas na hÉireann a oscailt ag an 54ú Taispeántas Idirnáisiúnta Ealaíne, la Biennale di Venezia, an sárthaispeántas físealaíon is tábhachtaí ar domhan.   Tá an t-ealaíontóir Corban Walker ag déanamh ionadaíochta thar ceann na hÉireann sa Veinéis, ag obair leis an gcoimisinéir Emily-Jane Kirwan agus an coimeádaí Eamonn Maxwell.  Is tionscnamh de chuid Cultúr Éireann é rannpháirtíocht na hÉireann ag Biennale na Veinéise, i gcomhpháirt leis an gComhairle Ealaíon. Is é Biennale na Veinéise an sárthaispeántas idirnáisiúnta is tábhachtaí le haghaidh na físealaíona agus thug níos mó ná 400,000 duine cuairt air in 2009. Cuirfidh Walker trí shuiteáil dealbhóireachta nua atá deartha go sonrach dá suíomh i láthair ag Pailliún na hÉireann, atá lonnaithe ag an Istituto Santa Maria della Pietà. Tar éis an tseolta inniu, beidh an taispeántas ar oscailt don phobal ón Sathairn an 4 Meitheamh go dtí an Domhnach an 27 Samhain 2011.

Agus é ag labhairt ag oscailt Phailliún na hÉireann, a raibh Ambasáid na hÉireann sa Veinéis ina hóstach air, dúirt an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Jimmy Deenihan, T.D.:  "Is deis ollmhór atá sa Bhiennale chun saothar a chur i láthair ag an sárthaispeántas físealaíon is mó ar domhan agus nochtadh idirnáisiúnta a fháil ar choimeádaithe agus bailitheoirí le próifílí arda. Seasann saothar an ealaíontóra Éireannaigh, Corban Walker, go bródúil taobh le saothar go leor ealaíontóirí idirnáisiúnta eile sa Veinéis agus meallfaidh sé aird na ndaoine ar dhoimhneacht, láidreacht agus tallann den scoth na bhfísealaíontóirí Éireannacha."

Tá cáil ar Walker as a ndealbha agus a suiteálacha a bhaineann le scála ailtireachta agus le braistint an spáis agus a bhaineann úsáid as ábhair thionsclaíocha cosúil le cruach, alúmanam agus gloine. Ag seasamh ceithre throigh ar airde, tá gaol pearsanta an ealaíontóra idir an féin agus an timpeallacht thógtha bunúsach don chaoi go ndéanann sé a shaothar a shainmhíniú agus a fhorbairt. Ceapadh saothar Walker ag Pailliún na hÉireann le hidirghníomhú le hailtireacht stairiúil an Pietà. Tá an príomhshaothar dealbhóireachta Please Adjust comhdhéanta de níos mó ná 160 ciúb de chruach dhosmálta i bhfostú lena gcéile agus díreoidh siad aird na ndaoine ar an taobh istigh. Tá an dá shaothar eile Transparent Wall agus Modular comhdhéanta de "líníochtaí" vinile arna mapáil ar na fuinneoga tosaigh agus cúil den spás de réir na matamaitice modúlaí

Tá an chéad fheidhmchlár Ireland at Venice (Éire sa Veinéis) don iPhone, iPad agus don Mhargadh Android ar fáil le híoslódáil saor in aisce ag Corban Walker: Ireland at Venice 2011. Sheol Cultúr Éireann suíomh Gréasáin nua freisin [www.irelandvenice.ie] le comóradh a dhéanamh ar thaispeántas na bliana seo. Tá cartlann fhairsing d’ionadaíocht na hÉireann go dtí seo ag Biennale na Veinéise san áireamh ann.  Is iad comhpháirtithe an taispeántais le hÉirinn ag an 54ú Taispeántas Ealaíne Idirnáisiúnta ná Ciste na hÉireann-Mheiriceánach, Coláiste Ealaíon agus Deartha Crawford, Ealaíona Chaisleán Leasa Móire agus Gailearaí an Pace.                                

Chomh maith leis an bpailliún náisiúnta, cuimsíonn láithreacht na hÉireann sa Veinéis saothar le Gerard Byrne freisin i mbliana, fear a ndearna ionadaíocht thar ceann na hÉireann sa Veinéis in 2007. Rinne an tAire Deenihan comhghairdeas leis an Uasal Byrne as a bheith roghnaithe ag Stiúrthóir an Biennale le páirt a ghlacadh sa phríomhthaispeántas i mbliana, rud arbh fhéidir a dhéanamh le tacaíocht ó Chultúr Éireann agus ón gComhairle Ealaíon.

Desert Rose, (ola ar chlár) - Colin Middleton, 1975, Bailiúchán na Comhairle Ealaíon - dánlann fhíorúil.
arrow bullet iconDesert Rose, (ola ar chlár) - Colin Middleton, 1975, Bailiúchán na Comhairle Ealaíon - dánlann fhíorúil.
Foilseacháin le déanaí
15 Aibreán 2014: Irish Arts Sector - Private Investment Report (PDF, 1.16 MB)
10 Aibreán 2014: Tuarascáil Pras Íocaíocht 2014 (ráithe 1) (PDF, 0.46 MB)
07 Aibreán 2014: Annual report/An tuarascáil bhliantúil 2012 (PDF, 1.97 MB)