Maidir linne
Joe StuartBainisteoir Cothaithe agus Comhordaithe na nEalaíonTel: 01 6180235
Tá an Chomhairle Ealaíon tar éis fógairt go bhfuil an tréimhse iarratais oscailte anois i gcomhair Chomhaltacht Jerome Hynes. Tá sé mar aidhm ag an dámhachtain seo cabhair a thabhairt chun ceannairí cultúrtha den scoth a fhorbairt d'Éirinn.
Féile mhór nua is ea New Music Dublin ina dtaispeánfar réimse leathan de chruthaitheacht cheoil ár linne trí shaothar daoine cáiliúla Éireannacha agus idirnáisiúnta a chur os comhair an phobail, agus beidh líon mór ealaíontóirí Éireannacha páirteach ann.
Chuir an Chomhairle Ealaíon a comhbhrón mór in iúl maidir le bás an fhile agus chomhalta Aos Dána Dennis O’Driscoll.
Sheol an Taoiseach, an tUasal Enda Kenny TD Into the Light: The Arts Council - 60 Years of Supporting the Arts go hoifigiúil inniu i nGailearaí Hugh Lane Chathair Bhaile Átha Cliath le ceiliúradh a dhéanamh ar chomóradh 60 bliain na Comhairle Ealaíon. Is mórshraith taispeántas é Into the Light lena ndéanfar ceiliúradh ar shaothar ealaíontóirí na hÉireann agus ar an tacaíocht atá tugtha ag an gComhairle Ealaíon do na healaíona le 60 bliain anuas.
"Tá ar chumas na n-ealaíon tuilleadh fostaíochta agus gníomhaíochta eacnamaíochta a spreagadh tráth a bhfuil géarghá leis" - Pat Moylan, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon
Déanfaidh an Chomhairle Ealaíon ceiliúradh ar 60 bliain le sraith taispeántas dar teideal 'Into the Light: The Arts Council - 60 Years of Supporting the Arts'. Beidh na taispeántais seo ar siúl i gcomhthráth i gceithre ionad ar comhpháirtithe iad ar fud na tíre ó mhí na Nollag 2012. Is iad na hionaid chomhpháirteacha ná: Gailearaí Hugh Lane Chathair Bhaile Átha Cliath; Dánlann Chathair Luimnigh; Dánlann Ealaíne Crawford; The Model, Sligeach.
Sheol an Chomhairle Ealaíon Choirland - díolaim de cheol córúil na hÉireann inniu (18 Deireadh Fómhair 2012), mar cheann de na himeachtaí a bheidh ar bun i mbliana chun comóradh 60 bliain na Comhairle Ealaíon a cheiliúradh.
I dtuarascáil ina bpléitear tionchar geilleagrach na n-ealaíon in Éirinn, a foilsíodh maidin inniu (8 Deireadh Fómhair 2012), léirítear go soláthraítear fostaíocht shuntasach, idir dhíreach agus indíreach, de bharr na n-ealaíon, agus go dtacaíonn maoiniú bliantúil na Comhairle Ealaíon ón Státchiste le breis is 2,270 post. Tríd an bhfostaíocht a dtacaítear léi, gintear láimhdeachas bliantúil €184 milliúin, agus ioncam cánach (i bhfoirm ÍMAT/cáin ioncam, ÁSPC agus CBL) don Státchiste ar ionann é agus €42 milliún.
Is é ‘Mediation’ (2009) le Patrick Scott, duine de na healaíontóirí beo is fearr in Éirinn, an íomhá teidil le haghaidh mórshraith taispeántas a bheidh ar siúl ó mhí na Nollag i mbliana, ina ndéanfar ceiliúradh ar shaothar ealaíontóirí Éireannacha comhaimseartha agus ar 60 bliain de thacaíocht don earnáil ón gComhairle Ealaíon.
Tá sé mar aidhm ag ocht gcinn d'eagraíochtaí ealaíon in Éirinn €10 milliún de mhaoiniú príobháideach a bhailiú sna cúig bliana seo amach romhainn mar chuid de thionscnamh nua de chuid na Comhairle Ealaíon. Tá an treoirthionscadal deartha ionas go mbeidh bonn airgeadais níos láidre faoi na heagraíochtaí agus ciallóidh sé go mbeidh daoine ar fud na tíre in ann taibhithe, taispeántais, scannáin agus imeachtaí ealaíon eile ar chaighdeán níos fearr a fheiceáil.