28 Meitheamh 2012: Iarratas ar thairiscintí ar Choimisinéir d'Éirinn ag 54ú Biennale Ealaíne na Veinéise 2013

Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon a fhógairt go bhfuil Cultúr Éireann ag lorg léirithe spéise anois ó na daoine sin ar spéis leo gníomhú mar Choimisinéir d'ionadaíocht náisiúnta na hÉireann ag Biennale Ealaíne na Veinéise in 2013.
Tá Cultúr Éireann i gcomhpháirt leis an gComhairle Ealaíon tiomanta d'Éirinn a bheith rannpháirteach in Biennale na Veinéise agus do dheiseanna agus d'iomrá ealaíontóirí Éireannacha a mhéadú ag an imeacht idirnáisiúnta ríthábhachtach seo. Tá Biennale na Veinéise ina shárthaispeántas tábhachtach domhanda d'ealaíontóirí agus tugann sé deis shuntasach d'ealaíontóirí Éireannacha plé le lucht féachana idirnáisiúnta.
Ról an Choimisinéara
Tacóidh an Coimisinéir le cur i gcrích an tionscadail agus beidh sé nó sí i gceannas ar bhainistíocht an tionscadail, ar an mbuiséad (lena n-áirítear tiomsú airgid), ar ionad a fháil, ar chumarsáid agus ar theagmháil leis na meáin, ar theagmháil a dhéanamh leis an oifig Biennale agus ar thacaíocht riaracháin a sholáthar. Féadfaidh an Coimisinéir féin a bheith i mbun coimeádaíochta ar an taispeántas, nó roghnú dul ag obair le Coimeádaí freisin.  Sa chás go mbeidh an Coimisinéir ag obair le Coimeádaí neamhspleách, ní mór an Coimeádaí a shainaithint agus ní mór don té sin a bheith mar pháirtí sa tairiscint atá á cur isteach.
Buiséad
Níl bunbhuiséad leagtha síos do Biennale 2013 fós. Bunaithe ar bhuiséad na bliana 2011, is féidir a mheas go mbeidh thart ar €300,000 i gceist. D'fhéadfadh sé go mbeidh suim níos lú ar fáil, áfach, mar gheall ar na cúinsí a bhaineann le maoiniú poiblí agus príobháideach faoi láthair.
Tuilleadh faisnéise
Cliceáil ar an nasc seo chun sonraí iomlána na tairisceana seo a fháil
http://www.artscouncil.ie/en/tenders.aspx?article=f416332a-c721-4e1f-8b54-3464b4da91aa.

Desert Rose, (ola ar chlár) - Colin Middleton, 1975, Bailiúchán na Comhairle Ealaíon - dánlann fhíorúil.
arrow bullet iconDesert Rose, (ola ar chlár) - Colin Middleton, 1975, Bailiúchán na Comhairle Ealaíon - dánlann fhíorúil.
Foilseacháin le déanaí
22 Aibreán 2014: Title (GA) (PDF, )
15 Aibreán 2014: Irish Arts Sector - Private Investment Report (PDF, 1.16 MB)
10 Aibreán 2014: Tuarascáil Pras Íocaíocht 2014 (ráithe 1) (PDF, 0.46 MB)