16 Lúnasa 2012: Is mian leis an gComhairle Ealaíon agus le RTÉ a chur in iúl go bhfuil deis scannánaíochta ag teacht

In 2012, tá an Chomhairle Ealaíon ag ceiliúradh chothrom 50 bliain á bailiúcháin chomh maith le 60 bliain de bheith ag tabhairt tacaíochta do na healaíona. Chun an ócáid a shonrú, cuirfidh an Chomhairle Ealaíon agus RTÉ tacaíocht ar fáil chun ceithre ghearrscannán a dhéanamh a dhéanfaidh iniúchadh cruthaitheach ar an mbailiúchán. Is píosaí neamhspleácha a bheidh sna scannáin seo a bheidh 3 nóiméad ar fhad, agus craolfar iad i rith shraith ealaíon sheachtainiúil RTÉ, THE WORKS, i mí na Samhna agus mí na Nollag 2012.

Beidh na gearrscannáin seo an-chruthaitheach ach beidh siad oiriúnach do lucht féachana teilifíse príomhshrutha freisin. Is éard atá ag teastáil ón gComhairle Ealaíon agus ó RTÉ ná tionscadail ina dtugtar le chéile stiúrthóirí agus léiritheoirí a bhfuil cuntas teiste acu maidir le cáilíocht agus cruthaitheacht i scannánaíocht agus/nó i léiriú teilifíse.  Cuirfear buiséad suas le €12,500 ar fáil do gach scannán.

Fógrófar sonraí iomlána an tionscnaimh (lena n-áirítear treoirlínte agus foirm iarratais) Dé hAoine, 14 Meán Fómhair agus beidh seisiún eolais ar siúl Dé Céadaoin, 19 Meán Fómhair ag 14:00 sa Central Hotel, Sráid an Chiste, Baile Átha Cliath 2. Ba chóir do dhuine ar bith ar spéis leo a bheith i láthair clárú le Filmbase (events@filmbase.ie). Ba cheart d’iarratasóirí féideartha a thabhairt faoi deara gurb é an spriocdháta chun iarratais a fháil ná 5in Dé Luain, 1 Deireadh Fómhair 2012. Caithfidh iarratasóirí a bheith ar fáil le haghaidh agallaimh Dé Luain, 8 Deireadh Fómhair agus a bheith in ann scannáin chríochnaithe a chur ar fáil Dé Luain 19 Samhain, nó roimhe sin.

Tabhair faoi deara nach mbeidh aon fhaisnéis bhreise ar fáil maidir leis an tionscnamh seo roimh an 14 Meán Fómhair.