30 Lúnasa 2013: Léiríonn an Chomhairle Ealaíon a comhbhrón ar bhás Seamus Heaney

Ag labhairt di inniu, dúirt Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon Pat Moylan, gur duine mór le rá ar ardcháil é Seamus Heaney sna healaíona agus caoinfear go trom é i measc mhuintir na hÉireann agus ar fud na Cruinne.
"Gan amhras, ba fhile é a bhain iontas amach agus an ranníoc ollmhór a chuir sé le saol liteartha agus cultúrtha na hÉireann, ní bheifear in ann é a mheas.
"An saothar s’aice, a bhí éirimiúil, daonna agus álainn riamh, thuill sé lucht léitheoireachta dílise dó féin ar fud an domhain.  Flaithiúl gan teip riamh, thairg sé treoir agus tacaíocht gan luach do roinnt ealaíontóirí agus scríbhneoirí nach bhféadfaí iad a áireamh, agus a thacaigh le díograis i gcónaí ar son ról na filíochta agus na n-ealaíon sa sochaí s’againne ar feadh a shaoil.
An láithreacht s’aige - ar an leathanach clóite, ag na léamha agus na himeachtaí a d’fhreastal sé orthu nach bhféadfaí iad a áireamh - caoinfear go géar é."
Dúirt an tIníon Moylan go dtíolacfar ceiliúradh na Comhairle ealaíon ar bhuaiteoirí dhámhachtain sparántachta ar an 12ú Meán Fómhair anois, ina raibh an Taoiseach le hóráid a thabhairt  agus ina raibh súil le Seamus Heaney freastal ann, in ómós dá chuimhne.
D’fhóin Seamus Heaney mar bhall na Comhairle Ealaíon ó 1973 go 1978.  Ba bhall é le hAosdána ó a bunaíodh iad agus toghadh é mar Shaoi d’Aosdána, an gradam is airde d’ealaíontóir Éireannach, sa bhliain 1997.
Dúirt an tIníon Moylan sa bhreis: "Tá smaointe s’againne lena mhuintir agus lena chairde ag an am seo."

Desert Rose, (ola ar chlár) - Colin Middleton, 1975, Bailiúchán na Comhairle Ealaíon - dánlann fhíorúil.
arrow bullet iconDesert Rose, (ola ar chlár) - Colin Middleton, 1975, Bailiúchán na Comhairle Ealaíon - dánlann fhíorúil.
Foilseacháin le déanaí
15 Aibreán 2014: Irish Arts Sector - Private Investment Report (PDF, 1.16 MB)
10 Aibreán 2014: Tuarascáil Pras Íocaíocht 2014 (ráithe 1) (PDF, 0.46 MB)
07 Aibreán 2014: Annual report/An tuarascáil bhliantúil 2012 (PDF, 1.97 MB)