16 Lúnasa 2012: Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon an spriocdháta i gcomhair Dámhachtainí Tionscadail

Tacaítear le Dámhachtainí tionscadail na Comhairle Ealaíon le gníomhaíochtaí tionscadail ar leith maidir le gach ceann de na foirmeacha ealaíne nó cleachtas ealaíne a léirítear thíos. Is féidir treoirlínte na dámhachtana do gach dámhachtain a íoslódáil ón rannán maoiniú atá ar fáil ar shuíomh Gréasáin na Comhairle Ealaíon.

Is é an spriocdháta do gach ceann de na dámhachtainí thíos ná 5.30 i.n. Déardaoin an 6 Meán Fómhair 2012. Ní ghlacfar le hiarratais ach ar shuíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne  de chuid na Comhairle Ealaíon agus ní mór an t-ábhar tacaíochta ar fad a sheoladh isteach ar líne. Ní mór d’iarratasóirí nár bhain úsáid as an gcóras roimhe seo clárú roimh ré sula ndéanfaidh siad iarratas. D’fhéadfadh sé suas le cúig lá oibre a thógáil sula ndearbhófar do chlárúcháin, mar sin tá sé an-tábhachtach go gclárófá chomh luath agus is féidir.

Cuirimid nuashonruithe agus cabhair ar fáil anois maidir le seirbhísí ar líne a úsáid trínár leathanach Facebook nua. Tá fáilte romhat teachtaireacht a sheoladh chugainn tríd an leathanach má theastaíonn cúnamh uait le seirbhísí ar líne agus iarratas á dhéanamh agat ar Dhámhachtain Tionscadail: http://www.facebook.com/artscouncilireland

Tá na dámhachtainí oscailte do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí. Ní bheidh eagraíochtaí a fhaigheann maoiniú faoi aon cheann de phríomhchláir deontais na Comhairle Ealaíon (Eagraíochtaí a Mhaoinítear Go Rialta, Maoiniú Bliantúil, Deontas le haghaidh Clár Bliantúil) i dteideal iarratas a dhéanamh ar na dámhachtainí, áfach. Tá eagraíochtaí ar cuireadh in iúl dóibh i scríbhinn go dtiocfaidh deireadh lena ndeontas athfhillteach ón gComhairle Ealaíon ar an 31 Márta 2013 nó roimhe sin i dteideal iarratas a dhéanamh.