D’fhógair an Chomhairle Ealaíon inniu go mbeidh mórshraith taispeántas ar siúl ó mhí na Nollag i mbliana, ina ndéanfar ceiliúradh ar shaothar spreagúil ealaíontóirí Éireannacha agus ar 60 bliain de thacaíocht don earnáil ón gComhairle Ealaíon.
Is é a bheidh in Into the Light: The Arts Council - 60 Years of Supporting the Arts ná comhpháirtíocht idir an Chomhairle Ealaíon agus raon ionad réigiúnach a mbeidh saoirse chruthaitheach acu a saothair féin a roghnú ón mbailiúchán, trína dtabharfar aireachtáil agus téama uathúil do gach taispeántas.
Sna seachtainí amach romhainn, déanfar saothair éagsúla atá tugtha ar iasacht a aisghairm agus beidh codanna de Bhailiúchán na Comhairle Ealaíon sna háiteanna seo a leanas ar feadh tamaill:
. Dánlann Ealaíne Crawford, Corcaigh
. Dánlann Chathair Luimnigh, Luimneach
. The Model, Sligeach
. Dánlann Hugh Lane, Baile Átha Cliath
Ag labhairt di inniu, dúirt an tUasal Orlaith McBride, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon: "Táimid ar bís faoin tionscnamh seo atá ar an gcéad cheann riamh dá leithéid i stair na Comhairle Ealaíon, agus déanfar líon suntasach saothar atá amuigh ar iasacht ag institiúidí poiblí faoi láthair a aisghairm. Is léiriú ollmhór é an bailiúchán sin ar an tacaíocht a thug an Chomhairle Ealaíon d’ealaíontóirí le 60 bliain anuas agus beidh sraith éagsúil saothar iontach ar taispeáint i ngach ceann de na dánlanna atá ina gcomhpháirtithe. Creideann an Chomhairle gur bealach oiriúnach é chun 60 bliain a chomóradh."
"Tá na healaíona agus an cultúr ríthábhachtach chun ár bhféinmhuinín náisiúnta a athfhorbairt agus chun an cháil atá orainn thar lear a athbhunú. Trí shaothair ealaíontóirí Éireannacha mór le rá a chur os comhair mhuintir na hÉireann, is féidir linn cabhrú leis an tír a cumas cruthaitheach a bhaint amach agus cuimsiú ealaíne a chothú i bpobail ar fud na hÉireann. Tá sé i gceist againn saothar fhísealaíontóirí na hÉireann a thabhairt chun suntais, mar a mhol an tUachtarán Ó hUiginn. Beidh na taispeántais sin ina sárthaispeántas de mhórán de na héachtaí cultúrtha agus ealaíne a cruthaíodh inár dtír le linn shaolré na Comhairle Ealaíon."
Tabharfar sonraí breise maidir le dátaí agus amanna na dtaispeántas sna seachtainí amach romhainn sula gcuirfear tús leis na taispeántais.